YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 15

15
1“Is mise an fhíniúin fhírinneach, agus is é mʼAthair a bhíos ag cóiriú na finiúna. 2Gach craobh orm nach dtugann toradh, beireann sé as í, agus gach craobh dá dtugann toradh bíonn sé á diogáladh, ionas go dtabharfaidh sí tuilleadh toraidh uaithi. 3Tá sibhse glanta cheana féin leis an mbriathar a labhair mé libh. 4Fanaigí in bhur gcónaí ionam, agus fanfaidh mé ionaibh. Ní uaithi féin a thagas toradh ar an gcraobh, mura bhfanann an chraobh san fhíniúin, agus ní fhéadann sibh sin a dhéanamh ach oiread, mura bhfanann sibh in bhur gcónaí ionamsa. 5Is mise an fhíniúin, is sibhse craobhacha na fíniúna. An té sin a chónaíos ionamsa, agus a mbímse i mo chónaí ann, is é is troime toradh, mar ní fhéadann sibh faic a dhéanamh i mʼéagmais. 6Má tá duine ann nach bhfanann ionam, caithfear amach é, mar a chaitear craobh amach agus mar a chríonann sí; agus bítear ag bailiú na gcraobhacha caite sin, agus á gcaitheamh isteach sa tine agus á ndó. 7Má fhanann sibh ionamsa, agus má fhanann mo bhriathrasa ionaibh, bígí ag iarraidh bhur rogha ruda, agus déanfar an rud sin daoibh. 8Is é seo a bhíos mar ábhar glóirithe ag mʼAthair, toradh trom a theacht oraibh, rud a chruthós go bhfuil sibh in bhur ndeisceabail agam. 9Thug mé an grá daoibh a thug an tAthair domsa; fanaigí i mo ghrá-sa. 10Fanfaidh sibh i mo ghrá-sa ach sibh mʼaitheanta a choinneáil, mar a choinnímse aitheanta mʼAthar agus mar a fhanaimse ina ghrá-san. 11Tá na nithe seo inste agam daoibh, ionas go mbí sibh in bhur n‑ábhar lúcháire agam, agus ionas go mbí bhur lúcháir lán.
12“Is í seo mʼaithne, sibh grá a thabhairt dá chéile mar an grá a thug mé daoibh. 13Níl grá ar bith ann ag fear ar bith is mó ná seo, an fear a thabharfadh a anam ar son a chairde. 14Is sibhse mo chairde, má dhéanann sibh mar a ordaím daoibh. 15Ni thugaim seirbhíseach oraibh níos mó, ó nach eol don seirbhíseach gníomh a thiarna; ach thug mé cairde oraibh, ó nach bhfuil ní dár chuala mé ag mʼAthair nár fhoilsigh mé daoibhse. 16Ní sibh a thogh mise, ach mise a thogh agus a cheap sibhse chun go n‑imeodh sibh agus go dtabharfadh sibh toradh, agus go mbeadh bhur dtoradh buan; ar mhodh go dtuga an tAthair daoibh cibé a iarrfas sibh i mʼainmse. 17Táim á ordú sin daoibh, chun go mbeidh grá agaibh dá chéile.
18“Má bhíonn fuath ag an saol daoibh, bíodh a fhios agaibh go raibh tús fuatha aige domsa. 19Dá mba den saol sibh, bheadh dámh ag an saol libh, ach as siocair nach den saol sibh, ach mo rogha a thogh mé as, bíonn fuath ag an saol daoibh. 20Cuimhnigí ar an mbriathar úd a dúirt mé libh, ‘Ní fearr an seirbhíseach ná a thiarna.’ Má chuir siad géarleanúint ormsa, cuirfidh siad géarleanúint oraibhse; má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa freisin. 21Ach déanfaidh siad é sin uile oraibh mar gheall ormsa, as siocair gan aithne a bheith acu ar an té a chuir uaidh mé. 22Murab é gur tháinig mé agus gur labhair mé leo, ní bheadh peaca orthu; ach anois níl leithscéal a bpeaca acu. 23An té a thugas fuath dom is do mʼAthair a thugas sé fuath. 24Murab é go ndearna mé oibreacha ina measc siúd nach raibh déanta ag duine ar bith eile, ní bheadh aon pheaca orthu; ach mar atá anois chonaic siad agus thug siad fuath don bheirt againn—mise agus mʼAthair. 25Ach tharla sin ag fíorú an rá atá scríofa ina ndlí-sean, ‘Thug siad fuath dom gan ábhar.’ 26Ach nuair a thiocfas an Comhairleoir, a bheas á chur agam chugaibh ó mʼAthair, is é sin an Spiorad úd na fírinne, a bhíos ag gluaiseacht amach ón Athair, tabharfaidh seisean fianaise orm; 27agus is finnéithe sibh fós, ó bhíodh sibh i mo chuideachta ó thús.

Currently Selected:

Eoin 15: OC1970

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in