YouVersion Logo
Search Icon

Romhánach 9

9
Caibidil IX
Mar fúaradur na Iúduidhe roimhesi sochar do thuille ar na Geintleachaibh, amhluidh bheir Día cuibhrionn ghrása is éifeachdaigh dáonduine no do dhuine eile.
1A deirim a nfirinne a Gcríosd, ní dhéunuim brég, ar mbeith dom chogús ag déunamh fíadhnuise dhamh tres an Spiorad Náomh, 2Go bhfuil tuirsi mhór óram agus doilgheas a gcómhnuidhe ar mo chroídhe. 3Oír do ordeóchuinn mé féin do bheith dealuighthe ó Chríosd ar son mo dhearbhraithreach, mo dháoine gáoil do réir na feóla. 4Noch atá na Nisrahéluibh; ag ar leó athargadh na cloinne, agus an ghlóir, agus an tiomna, agus órdughadh an reachda, agus seirbhís , agus na geallamhnacha; 5Ag ar díobh na haithre, agus ó a bhfuil Críosd do réir na feóla, atá na Dhía ós cionn na nuile, beannaighe go síorruidhe. Amén. 6Gidheadh né héidir bríathar Dé a bheith gan éifeachd. Oir ní hé gach éunduine thig ó Israél, atá na Israélach. 7Agus ní ar son, go bhfuilid síad na síol ag Abraham, atáid síad uile na gcloinn: achd, A Nisaac ainmneochthar dhuit síol. 8A sé sín ré a rádh, Ní híad clann na féola, clann Dé: achd clann na geallamhna mheastar mar shíol. 9Oír a sí so bríathar na geallamhna, Tiocfuidh mé fá namsa a rís, agus biáidh mac ag Sára. 10Agus ní hé amháin; achd Rebecca mar an gcéudna a nuáir do thoircheadh í ó neach áirighe, eadhon Isáac ar nathairhe; 11Oír suil-rugadh na leinibh, agus suil do rinneadar maith ná olc, ar chor go mbíadh órdughadh Dé do réir na togha seasmhach, ní ó oibreachuibh, achd ón té ghoireas; 12A dubhradh ría, Go ndéanadh an té is seine seirbhís don té ís óige. 13Mar atá sgríobhtha, Do ghrádhuigh mé Iácob, agus do fhúathuigh mé Esau.
14Uime sin créd a déaram? An bhfuil éagcóir ag Día? Bíodh a bhfad uáinn sin do rádh. 15Oír a deir sé ré Máoise, Do dhéana mé trócaire ar an té ar a ndéuna mé trócaire, agus do dhéuna mé truaidhe don té dhá ndéunuidh mé truáídhe. 16Ar an nadhbharsin ní ón té lér ab áill, nó on té riothas, atá an tógha achd ó Dhía do ní trócaire. 17Oír a deir an sgrioptúr ré Pharáo, Is chuige so féin do thóig mé súas thú, ar chor go bhfoillseóchuinn mo chúmhachda ionnad, agus go ninneóstáoi mainm ar feadh na talmhan uile. 18Uime sin do ní sé trócaire ar an té is áill leis, agus cruáidhighe sé an té is áill leis.
19Achd a déara tú ríom, Maseadh créud fá bhfuil fearg air? Oir cía chuir a naghuidh a thola? 20Achd ó a dhuine, cía thusa thagrus a naghuidh Dé? A naibeóra an ní do cumadh ris an té do chum é, Créd fá a ndearnuidh tú mé mar so? 21A né nach bhfuil cúmhachda ag ceard na críadh ar an gcréafóig, ionnas go ndéanadh sé soitheach chum onóra, agus soitheach eile chum neamhonóra déanádhbhar amháin? 22Achd má dfulaing Día, chum a fheirge féin a thaisbéanadh, agus a chúmhachd do dhéanamh follus, tré iomad foighide le soighthighibh na feirge hórduigheadh chum damanta: 23Agus do chum bhfoillseóchadh sé saidhbhreas a ghlóire féin do shoithighibh na trócaire, do ullmhuigh sé ó thús chum glóire, 24Eadhon dúinne, noch do ghoir sé, ní as na Iúduidhibh amháin, achd fós as na Cineadhachuibh? 25Mar a deir sé fós a Noséa, Goirfidh mé mo phobal féin, don pobal nár leam; agus mo ghrádh féin, don mhnáoi nach raibh am gradh. 26Agus teigeamhuidh, an sa nionad a ndubhradh ríu, Ní sibhsi mo phobalsa; go ngoirfighear sa náit chéadna díobh Clann Dé bhi.
27Agus éighidh Esaías ar Israél, Bíodh go mbeith úimhir chloinne Israel mar ghaineadh na fairge, sléinéochthar a bhfuighleach: 28Oír do dhéaná sé cúnntas, agus cuirfidh sé a naithghearr é maille ré cómhthrom: óir is cúntas aithghearr do dheana an Tighearna ar an dtalamh. 29Agus amr a dubhairt Esaías roimhe, Muna bhfágbhadh Tighearna na slúagh siol aguinn, do dhéantáoi sinn mar Shodom, agus do bhíadhmáois cosmhuil lé Gomorra.
30Ar a nadhbharsin créd a déaram? Go rugadar na Cineacha, nár lean don fhíréantachd, ar an bhfíréntachd eadhon, an fhíréntachd atá on chreideamh. 31Achd Israhél do lean reachd na fíréntachda, ní rangadar go reachd na fíréantachda. 32Créd uime? Do bhrigh nach ó chreideamh, achd mar do bheith ó oibrighthibh an reachda do iarradar í. Oir fúaradar oilbhhéim fa chloich na hoilbhéime; 33Mar atá sgríobtha, Féuch, cuirim a Síon cloch oilbhéime agus carruic thuislidh: agus gidh bé chreideas ann, ní bhfuíghe sé náire.

Currently Selected:

Romhánach 9: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in