Romhánach 8
8
Caibidil VIII
Saóirse agus fíor dhóchas na ndaóine mhaireas fa reachd na Spioruide.
1Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide. 2Oír do sháor dligheadh Spioruide na beatha a Níosa Críosd misi ó dligheadh an pheacaidh agus an bháis. 3Oír an ní nár bhéidir don dligheadh do dhéunamh, ar mbeith dhó anbhfann trés an bhfeól, ar gcur a Mhic féin do Dhía ag cosamhlachd cholla an pheacuigh, agus ar son peacaigh, do dhamnuighe sé an peacadh sa ccoluinn: 4Ionnus go gcoimhlionfuidhe ceart an dlighe ionnuine, nach siobhlann do réir na colla, achd do réir na Spioruide. 5Oír an dream atá do réir na féola smuáintighid síad neithe bheanas ris an bhfeóil; achd an dream atá do réir na Spioruide na neithe bheanas ris an Spioruid. 6Oír is bás gliocas na feóla; achd is beatha agus siothcháin gliocas na Spioruide. 7Oir is námhadus a naghuidh Dé gliocas na féola: óir ní úmhluigheann sé do dhligheadh Dé, agus fós ní héidir leis. 8Ar a nadhbharsin an dream atá do réir na féola ní héidir leó toil Dé do dhéunamh. 9Achd ní bhfuiltísi do réir na féola, achd do réir na Spioruide, má atá Spiorad Dé na comhnuidhe ionnuibh. Achd gidh bé nach a bhfuil Spiorad Chríosd aige, ní lé Críosd an duine sin. 10Agus má atá Críosd ionnuibh, atá an corp go deimhin marbh do thaóibh an pheacuigh; achd is beatha an Spiorad tré fhiréantachd. 11Achd má chomhnuigheann ionnuibh Spiorad an té do dhúisigh Iósa ó mharbhuibh, an té do dhúisigh Críosd ó mharbhuibh béodhachaigh sé bhar gcuirp shó mharbhthachasa mar an gcéudna tré na Spioruidsion chomhnuigheas ionnuibh. 12Uime sin, a bráithreacha, ní don fheóil, atámaóid ar bhféitheamhnuibh, ar chor go gcaithfeadhmaóis ar mbeatha do réir na féola. 13Oír más do réir na féola chaithfidhe bhar mbeatha, do ghéubthaói bás: achd má mharbhthaói gníomhartha na colla leis an Spioruid, do gheubhthaói beatha.
14Oír an mhéid thréoruighthear lé Spiorud Dé, a síad clann Dé íad. 15Oír níor ghabhabhair chugaibh Spiorad na seirbhíse a rís chum eagla; achd do ghabhabhair chugaibh Spiorad atharghadh na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Athair. 16Do ní an Spioradsa fíadhnuisi lé ar spioriodne, gur clann do Dhía sinn: 17Agus más clann, is oidhrighe fós sinn; óidhrighe gan amharas do Dhía, agus comhóidhrighe do Chríosd; má fhuilngmíd a néinfheachd ris, ionnus go mbemís a ccómhghlóir ris.
18Oír measuim nach fíu ná neithe fhuilgemíd sa naimsirse a láthair an ghlóir fhoillséochthar dhúinn. 19Oír atá feitheamh díthcheallach gach creatúir ag fuireach ré foillsiughadh chloinne Dé. 20Oír atá an creatúir fá mhursántachd an diomhaóimis, ní dhá thoil féin, achd ar son an té dó chuir fá mhursántachd é, 21A muinighin go sáorfuidhe an creatúir féin ó sheirbhís na truáillidheachda go sáoirsi ghlóire chloinne Dé. 22Oír atá a fhios aguinn go bhfuil a nuile chreatúir ag osnaighe agus a bpéin mar mhnaói ré cloinn má ráon rinne gus a nuáirse. 23Agus ní hiadsan amháin, achd sinne féin, agá bhfuilid céadthórtha na Spioruide, bímíd ag osnaighe ionnuinn féin, ag feitheamh re athargadh na cloinne, fúasgladh ar gcuirp. 24Oír as lé dóigh atámaóid sabhalta: achd má chíthear an dóigh ní dóigh í: oír créd fá a mbíadh dóigh ag neach, ris an ní do chí sé? 25Achd má bhíonn súil aguinn ris an ní nach bhfaicmíd, do nimíd fuireach tre fhoighid.
26Agus is mar an gcéadna fhóireas an Spiorad ar néagcrúasne: oír ní bhfuil a fhios aguinn créd do íarrfadhmaóis a nurnuighe mar budh cóir: achd do ní an Spiorad féin urnuighe air ar son lé hosnaidhibh dó-innse. 27Achd atá a fhíos ag sgrúdaigheóir na gcroidheadh cred é toil na Spioruide, óir is do réir thola Dé ghuidheas sé ar son na náomh. 28Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion. 29Oír an dream do réumhaithin sé, do réumhórduigh sé a mbeith comhchosmhuil díomhaigh a Mhic féin, a chor go mbeith seisean na chédghein éidir mhórán dearbhrathar. 30Agus an dream do thogh sé roimh láimh, do ghoir sé íad mar an gcédna: agus an dream do ghoir sé, do sháor sé íad mar an gcéudna: agus an dream do sháor sé, tug sé glóir dhóibh mar an gcéudna.
31Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh? 32An té nár choigill a Mhac díleas féin, achd tug air ar soinne uile é, cionnas nach ttiodhluicfeadh sé dhúinn gach uile ní maille ris? 33Cía chuirfeas coirthe a naghuidh dháoine toghtha Dé? A sé Día sháoras. 34Cía dhaimeónas? Críosd fúair bás, agus fós, do rinne a neiséirighe, noch atá ar deis Dé, agus fós ghuidheas air ar soinne. 35Cía dhealóchus sinn ó ghrádh Chríosd? Trioblóid, nó amhgar, nó díbeirt, nó gorta, nó lomnochduighe, nó peiríacuil, nó cloidheamh? 36(Mar atá sgriobhtha, Is ar do shonsa mharbhthar sinn ar feadh an láoi; atámáoid air ar meas mar cháorcha ré huchd a marbhtha.)
37Achd, buáidhemíd ionnta so uile trés an té do ghrádhuigh sinn. 38Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, 39Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Currently Selected:
Romhánach 8: Bedell
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)