Romhánach 7
7
Caibidil VII
Gu bhfuil duine marbh don réachd (noch fhéuchas a choire dhó, nach eidir leis a chlaói, tré chath na mbaill re na inntinne;) 25 ach beó tré chreidimh Chríosd.
1A ne nach bhfuil a fhios aguibh, a dhearbhraithre, (óir as ris an luchd agá bhfuil fios an reachda labhruim,) go bhfuil cúmhachda ag an reachd ar dhuine ar feadh a sháoghail? 2Oir an bhean atá pósda ré fear atá sí ceangailte dhé feadh a sháoghail do réir an reachda; gidheadh dá bhfághadh a fear bás, atá sise sáor ó reachd a nfir. 3Uime sin ré sáoghal a fir dá raibh sí ag fear éile, goirfighthear meirdreach dhí: gidheadh dá bhfaghaidh a fear bás, atá sí sáor ón reachd; ionnus nach meirdreach í, ar son í bheith ag fear eile. 4Ar a nadhbharsin, a bhraithreacha, atá sibhse leis marbh don reachd tré chorp Chríosd; ionnus go mbíadh sibh ag fear eile, eadhon, dhosan noch do tógbhadh súas ó mharbhaibh, chum sinne toraidh thabhairt do Dhía. 5Oír tan do bhámair sa bhfeóil, do bhiodh míangus na bpeacadh, trés an reachd, ag oibriughadh ann ar mballaibh chum toraidh do thabhairt chum báis. 6Achd a nois atámaid air ar sáoradh ón reachd, ar mbeith don ní lér congmhadh sinn marbh; ionnus go ndéanamaóis seirbís a nuáidheachd na spioráide, agus ní an narsaigheachd na leitre.
7Ar a nadhbharsin créud a déuram? A né gur peacadh an reachd? nar léige Día sin. Gidheadh, ní raibh fios peacaigh agum achd trés an reachd: oír ní bhíadh éolus air mbíangus agum, muna nabradh an reachd, Na biodh míanghus ort. 8Agus ar ngabháil chionfátha don pheacadh, trés a naithne, do oibrigh sé íonnum gach uile ghné mhíanghuis. Oir a bhféugmhuis an reachda do bhi an peacadh marbh. 9Agus do bhí misi ar uáiribh beó a bhféugmhais an reachda: achd ar dteachd do náithne, do aithbhéodhaidh an peacadh, agus fuáir misi bás. 10Agus a náithna úd, do hórduigheadh chum beatha, fríth dhamhsa í chum báis. 11Oír ar ngabháil chionfátha don pheacadh, trés a naithne, do mheall sé mé, agus lé sin do mharbh sé mé. 12Ar a nadhbharsin atá an reachd gan amharus náomhtha, agus a náithne náomhtha, agus comhthrom, agus maith.
13Uime sin an bhfuil a ní maith ar na dhéunamh na bhás dhámhsa? nar léigidh Día sin. Achd an peacadh, ionnus go mhíadh sé follus na pheacadh, doibrigh sé bás ionnum trés a ní maith; do chum go mbíadh an peacadh na pheacadh áidhbhéileach trés a náithne. 14Oir atá a fhios aguinn go bhfuil an reachd sbioradálta: achd atáimse collaighe, ar mo reic faói pheacadh. 15Oir ní thuigim an ní do ním: óir ní hé an ní is mían ríom, do ním; achd a ní fúathaighim, a sé do ním. 16Agus má sé a ní nach mían riom do ním, tigim ris an reachd gur maith é. 17Ar a nadhbharsin ní misi feasda do ní é, achd an peacadh chomhnaigheas ionnum. 18Oír atá a fhios agam, nach bhfuil maith ar bith na comhnuidhe íonnum, eadhon am fheóil: óir ata an toil a bhfogus damh; achd ní fhaghuim slighe ar bith chum na maitheasa do chríochnughadh. 19Oír ní dhéanuim an mhaith is mían riom: achd an tolc nach mían riom, a sé do ním. 20Agus má nímse a ní nach mían riom, ní misi do ní é feasda, achd an peacadh chomhnuigheas ionnum. 21Ar a nadhbharsin do gheibhim dligheadh, an tan is mían riom maith do dhéanamh, go bhfuil an tolc do lathuir agam. 22Oír atá fonn agam a reachd Dé do réir an duine táobh asdigh: 23Achd do chím reachd eile ann mo bhallaibh, ag cathughadh a naghaidh reachda minntinne, agus dom thabhairt a mbruid do reachd an pheacaidh noch atá am bhallaibh. 24Uch mo thrúaighe um dhuine truailleánta! cía sháorfus mé ó chorp an bháis so? 25Beirim buídheachus ré Día tré Iósa Críosd ar Dtighearna. Uime sin do nímse go deimhin am intinn seirbhís do reachd Dé; achd am fhéoil reachd an pheacaidh.
Currently Selected:
Romhánach 7: Bedell
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)