YouVersion Logo
Search Icon

Romhánach 12

12
Caibidil XII
Ata adhra úmhal Dé, maílle re gradh charad agus námhad, fúagartha orrainn trid shompla thrócaire Chríosd.
1Ar a nadhbharsin sirim dathchuinge oraibh, a dhearbhraithreacha, tré trócaire Dé, bhur gcuirp do thabhairt na bhéo-iodhbairt, náomhtha, geanamhail do Dhía, bhur seirbhís réusúnta. 2Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
3Oír a deirim, ré gach áon eadruibhse, trés an ngrás do tugadh dhamh, gan ghabháil ré a ais ní do thuigsin ós cionn a neithe is iomchubhaidh dhó do thuigsin; achd a thuigsi do bheith réir mheasarrdhachda, amhail as do roinn Día ré gach áoinneach miosúr creidimh. 4Oír do réir mar atá iomad ball aguinn a néunchorp amháin, agus nach éunoifig amháin atá ag na huile bhallaibh sin: 5As mar an gcéudna, atámaóidne morán, ar néanchorp a Gcríosd, agus gach áon fo leith ar mhallaibh agá chéile. 6Uime sin ar mbeith do thiodhlaicibh éugsámhla aguinn do réir na ngrás tugadh dhúinn, más fáidhedóireachd atá aguinn, déanam faidhedóireachd do réir mhéud an chreidimh; 7Nó más oifig atá aguinn, tugam aire don oifig: nó an té theaguisgeas, tugadh aire dha theagusg; 8Nó an té do bheir foirceadal úadha, tugadh aire dhá fhoirceadal: an tí roinneas an déirc, roinneadh í maille ré neamhurchóid; an tí agá bhfuil ceannus ós cionn cháich, déunadh é maille ré dúthrachd; an tí do ní trócaire, déunadh í maille ré súbhachus.
9 Bíodh bhur ngrádh gan cheilg. Bíodh gráin agaibh ar a nolc; agus ceangluigh don mhaith. 10Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile; 11bíghidh leisgeamhuil a ngnothuighibh; Bíghidh ar fiuchadh ann bhur spioraid; ag déanamh seirbhísi don Tighearna; 12Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe; 13Ag cómhroinn ris na náomhaibh iona ríachdanusaibh; ag gnáthughadh luchd áoidheachda do ghlacadh. 14Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim dhíbhreas síbh: tabhruidh bhir mbeannachd dóibh, agus na malluidhe íad. 15Bíodh gairdeachus oráibh ma ráon ris an muinntir ar a bhfuil gairdeachus, agus bígidh ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi. 16Go madh háontoil dhíbh ré chéile. Ná bígidh áirdinntinneach, achd cumaidh sibh féin ris a ndreim is ísle. Nó bighidh glic ann bhur mbaramhluibh féin. 17Na déanaidh olc a naghaidh uilc ar éainneach. Bíodh cúram na neitheann maith oraibh a bhfíadhnuise na nuile dháoine. 18Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh 19A chairde grádhacha, ná déunaidh dioghaltus ar bhur son féin, achd fanaidh ris an bhfeirg: óir atá sgríobhtha, Is leamsa an dioghaltus; do bhéura mé cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna. 20Uime sin dá raibh ocarus ar do námhuid, tabhair bíadh dhó; dá raibh tart air, tabhair deoch dhó: óir tré so do dhéunamh dhuit carnfuidh tú gríosach ar a cheann. 21Na beireadh an tolc buáidh ort, achd beirse buáidh ar a nolc ré maith.

Currently Selected:

Romhánach 12: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in