Romhánach 11
11
Caibidil XI
Ata fuighoill do thoradh Israel ar na dtogha; 16 achd iompochthar fos lanthoradh dhíobh.
1Uime sin fíafruighim, Nar theilg Día a phobal féin úadha? Nár léige Día sin. Oír is Israélach misi féin, do shliochd Abraham, do threibh Bheniamin. 2Níor theilg Día uáidh a phobál fein do aithin sé ó thús. A né nách bhfuil a fhios aguibh créd a deir an scrioptúr a dtimcheall Elías? Cionnas do ní sé casáoid ré Día a naghaidh Israél, ag rádh, 3A Tighearna, do mharbhadar thfaidhe, agus do leagadar síos haltóracha; agus do fáfbhadh misi am áonar, agus atáid síad ag íarruidh manma. 4Achd créd é an fhreagra do bheir Día air? Do choimhéd mé dhamh féin seachd mile fear, nár fhill a nglúine do Bhaal. 5Ar a nadhbharsin ís mar sin do fágbhadh fáoilleach ann sa naimsirsi do réir thoghtha na ngrás. 6Agus más tré ghrás, ní ó oibrighthibh atá sé feasda: nó ní grás an grás uáidh sin amach. Achd más ó oibrighthibh, ní grás é as sin súas: nó ní hobair a nobair feasda. 7Créd eile máseadh? an ní íarrus Israél ní fhuáir sé é; achd fúaradar na dáoine toghtha é, agus do dalladh an chuid eile. 8Mar atá sgríobhtha, Tug Día spiorad chollatach dhóibh, súile chum nach bhfaicfedis, agus clúasa chum nach ccluinfedís; gus a niugh.
9Agus a deir Dáibhi, Bíodh a mbórd mar dhúl, agus mar ghléus gabhála, agus mar adhbhair oilbhéime, agus mar mhalairt dóibh: 10Bíodh a súile dall, chum nach bhfaicfidh síad, agus cromsa a ndromanna a gcomhnuidhe.
11Uime sin fíafraighim, An bhfúaradar tuisleagh chum go dtuitfedís? nar léigidh Día sin: achd sé a dtuitimsion slánughadh na Ccineadhach, chum tnútha do chur orrthasan. 12Agus más é a dtuitimsion saidhbhreas an domhain, agus a laghdughadh saidhbhreas na Gcineadhach; a né nach mó ná sin a líonmhuireachd?
13Oír is ribhsina Cineadhuibh labhruim, do bhrígh gur me easbal na Gcineadhach, onóruighim moifig féin: 14Dá fhéuchuin an bhféudfuinn ar chor ar bith tnúth do chur ar mo chomhgháol féin, agus cuid éigin díobh do shlanughadh. 15Oír más é ndíultadhsan is réiteach don domhan, créd é a nathghabháil, achd beatha ó mharbhuibh? 16Oír má atáid na céadthórrtha náomtha, atá an chuid eile náomhtha mar an gcéudna: agus má atá an fhréamh náomhtha, atáid na géuga leis.
17Achd má atá cuid éigin do na géuguibh ar na ngearradh dhe, agus gur cuireadh thusa na nionad, agus gur roinneadh fréamh agus súgh chroinn na hola fíre riot, ar mbeith dhuit, ad chrann ola fhíadháin; 18Ná bíodh uáill ort a naghuidh na ngég. Achd ma bhíonn uáill ort, ní tusa iomchras an fhréamh, achd an fhréamh thusa.
19Uime sin a déara tú, Do gearradh na géuga dhe, chum go bplainntéochtháoi misi ná náit.
20Is maith sin; is tré mhíchreideamh do gearradh íad, agus seasuigh tusa tré chreideamh. Ná bí áirdinntinneach, achd biodh eagla ort. 21Oir ma nar choigill Día na géuga nadúrtha, dob éidir nach ccoigéoladh sé thusa mar an gcéadna. 22Ar a nadhbharsin tabhair dod aire toirbheartas agus buirbe Dé: a bhuirbe, do tháobh na muinntire do thuit; achd a thoirbheartas, duitsi, dá bhfana tú ann a thoirbheartus: nó gearrfuidhear thusa mar an gcéudna. 23Agus plainndéochthar íad súd a rís, achd muna bhfanuid síad a míchreideamh: óir is éidir lé Día a gcur a steach a rís. 24Oír má gearradh thusa don chrann ola do bhí fiadháin ó naduir, agus gur cuireadh thusa a naghuidh nádúra a gcrann na fíorola: a né nach mó na sin, chuirfidhthear na géugasa atá nadúrtha, ann a gcrann ola féin?
25Oír ní háill leam, a bhráithreacha, ainbhfios na seicréidesi do bheith oruibh, (do chum nach bíadh sibh glic ann bhur mbaramhluibh féin;) go dtárrla daille air chuid Díosráel, nó go dtí iomláine na Gcineadhach a steach. 26Agus mar sin sláineochthar Isráel uile: mar atá sgriobhtha, Tiocfa an Fear sáortha as Síon, agus fillfidh sé neamhdhíadhachd ó Iácob: 27Agus a sé so mo chunnradh ríu, an tan thoigéubhas mé a bpeacuigh úatha.
28Uime sin do tháobh an tsoisgéil, atáid síad na náimhdibh ar bhur sonsa: achd do tháobh na toghtha, atáid síad grádhaighe ar son na naithreach. 29Oír atáid tiodhlaice agus gairm Dé gan aithreachus. 30Oír do réir mar nach ttugabhairse a nallód úmhlachd do Dhía, agus fúarabhair trócaire a noís tré na neasúmhlachdsan: 31As mar an gcéudna a nois níor chreideadarsan, da bhur dtrócairesi ionnus go bhfuighedís féin trócaire mar an gcéudna. 32Oír do dhúin Día íad uile a neamhchreideamh, do chum trócaire do dhéunamh orrtha uile. 33O créd e doímhne shaidhbhris éagna agus éolais Dé! Créd é deacrachd a bhreitheamhnuis do chúartughadh, agus lorg a shligheadh do leanmhuin!
34Oír cía agá raibh fios inntinne an Tighearna? nó cía ba comhairleach dhó? 35Nó cía thug dhó ní ar tús, agus do ghéubhaidh sé a chúitiughadh leis? 36Oír is úadhasan, agus thrídsion, agus ar a shonsan atáid na huile neithe: glóir dhó féin go síorruidhe. Amén.
Currently Selected:
Romhánach 11: Bedell
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)