YouVersion Logo
Search Icon

Romhánach 13

13
Caibidil XIII
Umhlachd, íonthabharta dúachdáranaibh cneasta, 4 ag caithreamh ar ceirte, 8 agus grádh do gach aónduine.
1Biodh gach uile anum úmhal do na cúmhachdaibh atá ós a chionn. Oír ní bhfuil cúmhachda ar bith achd ó Dhía: agus na cúmhachda atá ann as ó Dhía do hórduigheadh íad. 2Ar a nadhbharsin gidh bé ar bith chuireas a naghaidh an chúmhachda, cuiridh sé a nadhaigh órdaighe Dé: agus an dream chuireas iona adhaigh gabhaid damnughadh chuca féin. 3Oír ní bhí eagla roimh úachdaránaibh ar son dheighghniomharthadh, achd ar son dhroich ghniomharthadh. Uime sin an mían riot bheith gan eagla an chúmhachda ort; déuna maith, agus do ghéubha tú moladh uádh: 4Oír a sé searbhfhoghantuidhe Dé é chum do mhaitheasasa. Achd dá ndéarnaidh tú olc, bíodh eagla órt; óir ní go diomháoineach iomchras sé an cloidheamh: óir a sé searbhfhoghantuidhe Dé é, na dhioghaltóir feirge ar an tí do ní olc. 5Uime sin as éigean bheith úmhal, ní deagla feirge amháin, achd fós ar son coinnsiáis. 6Oír is uime so íocas sibh cánachus: do bhrígh gur searbhfhoghantuigheadha do Dhía íad, ag déunamh a ndithchill sa ní chéudna. 7Ar a nadhbharsin tabhruidh a nduálghus do na huile dháoinibh: cánachus don tí dar dúal cánachus; cusdum dom tí dar dúal cusdum; eagla ré san tí ré ar coir eagla; onóir don tí dar cóir onóir. 8Ná bíodh fíacha ag áoin neach oraibh, achd amháin sibh féin do ghrádhughadh a cheile. (Oír an tí ghrádhaigheas a chómharsa do choimhlíon se an dligheadh.) 9Oír na naitheantasa, Na déuna adhaltrannus, Na déuna dúnmharbhadh, Na déuna goid, Na déuna fíadhnuisi bhréige, Na déuna saint; agus gach aithne eile dha bhfuil ann, atáid go haithghearr fá bhrigh an ráidh so, eadhon, Grádhaigh do chomharsa mar thú féin. 10Ní dhéanann grádh olc don chomharsain: ar a nadhbharsin a sé an grádh coimhlionadh an dlighe.
11Agus sin, ré meas na haimsire, gur mithidh dhúinn a nois músgladh ó chodladh: óir is goire dhúinn a nois ar slanughadh na a nuáir do chreideamar. 12Do chuáidh a noidhche thorainn, agus do dhruid an lá rinn: uime sin teilgeam uáinn oibreacha an dorchaduis, agus cuireann umainn éideadh an tsolais. 13Síubhlam go cubhaidh amháil sa ló; ní a gcráos ná a meisge, ná a seómradóireachd ná a macnus, ná a gceannarraic ná a dtnúth. 14Achd cuiridh umuibh an Tighearna Iósa Críosd, agus ná bíodh cúram na colla oraíbh, a míangusuibh.

Currently Selected:

Romhánach 13: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in