Psailm 9
9
Psalm IX.
Psalm bhuidheachuis arson bhuaidh Shioin.
Don prímhfhear ceóil air Mhut-Labben, Psalm Dháibhi.
1Molfa me thú, a THIGHEARNA, re croidhe iomlán; foillseocha mé hoibreacha iongantacha uile.
2Biaidh mé lúathgháireach agus gáirdeochad ionadsa: canfad moladh dod ainm, ó thusa is ro áirde.
3A núair fhillfighear mo naimhde ar a nais, tuitfid síad agus rachuid seachad ad fhiaghnuisi.
4Oír do chothuighis mo cheart, agus mo chúis; do shuighis san nárdchathaoir ag breathnughadh ceirt.
5Do imdhearguis na geinte, do lérscriosuis an ciontach, do chuiris amach а nainm go sáoghal na sáoghal.
6O a náimhuid, atáid scriosta air tteachd chum críche suthuine: agus do scriosuis caithreacha; dimthigh a ccuimhniughadh seachad maille ríu.
7Acht mairfidh an TIGHEARNA choidhche: dullmhuigh sé a árdchathaóir chum breitheamhnuis.
8Agus do dhéana sé breitheamhnus air an sáoghal a bhfiréantachd, do dhéana sé breitheamhnus don phobal a bhfírinne.
9Bíaidh an TIGHEARNA mar an ccéadna na ionad dídin don té sháruighthear, na dhaingion a naimsearuibh buáidheartha.
10Agus an mhuinntir agá bhfuil fios hanma cuirfid a ndóigh ionnad: óir thusa, a THIGHEARNA, níor thréigis an luchd íarrus thú.
11Cán molta don TIGHEARNA, noch chomhnuighios a Sion: foillsigh a measc an phobail a ghníomhartha.
12A nuáir do ní sé cúartughadh air fhuil, cuimhnighidh sé orra: ní dhearmadann sé éighiomh na númhal.
13Déan trócaire oram, а THIGHEARNA; meas mo bhuaidhreadh noch fhuilngim ón muinntir fhúathuighios mé, thusa noch thógbhus súas mé ó gheatadhuibh an bháis:
14Chor go ttaisbeanfuinn do mholadh uile a ngeatadhuibh inghine Sion: gáirdeocha mé ann do shlánughadh.
15Do sluigeadh síos na geinte annsa chlais noch do rinneadar: annsa líon noch do fholuigheadar do gabhadh a ccos féin.
16Aitheantar an TIGHEARNA ris an mbreitheamhnus noch chuireann sé a bhféidhm: gabhthar an ciontach a nobair a lámh féin. Higgaion. Selah.
17Cuirfighear na ciontaigh go hifrienn, agus a nuile chineadh noch dhearmadas Día.
18Oír ni dearmadfuighear an teasbhadhach a ccomhnuigh: ní rachuidh dóthchus na mbochd a mugha go bráth.
19Eírigh, ó a THIGHEARNA; na léig don duine búadhughadh: déantar breitheamhnus air na geintibh ad radharc.
20Cuir eagla orra, ó a THIGHEARNA: chor go mbiáidh a fhios ag na cineadhachuibh nach bhfuil ionnta féin achd daóine.
Currently Selected:
Psailm 9: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)