Psailm 8
8
Psalm VIII.
Sochar Dé do dhuine.
Don phrímhfhear ceóil air Ghittit Psalm Dháibhi.
1O A THIGHEARNA ar Ttighearna, cred é a oirdhearca atá hainm annsa talamh uile! da bhfoillsigheann tú do ghlóir ós cionn na bhflaitheas.
2As béul na naóidhean agus leanabh na ccíoch dórduighis neart do bhrígh do naimhde, chor go ccoisgféa an námhuid agus an dióghaltóir.
3A nuáir mheasuim do fhlaithis, obair do mhéur, an ré agus na réulta, noch do órduighis;
4Cred é an duine, as a bhfuil tú cuimhneach air? agus mac an duine, as a bhfiosruighionn tú é?
5Oír do rinne tú é beagan nios ísle ná na haingil, agus do choróinighis é le glóir agus le honóir.
6Do chuir tú é ós cionn oibreach do lámh; do chuiris a nuile ní fá na chosuibh:
7Na cáoirigh uile, agus na doimh, fós, agus beathuigh an mhachaire;
8Eúnluith a naiéir, agus íasg na fairge, agus gidh bé ar bith ghabhus tre chasánuibh na bhfairgeadh.
9O a THIGHEARNA ar Ttighearna, cred é a oirdhearceadh atá hainim annsa talamh uile!
Currently Selected:
Psailm 8: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)