Psailm 10
10
Psalm X.
Urnaighe anaghaidh fhaille agus foirneart.
1Cred fa seasann tú a bhfad amach, ó a THIGHEARNA? cred fá bhfolchann tú thú féin a naimsearuibh buaidheartha?
2Do ní an ciontach iona úabhar gérleamnhuin air an mbochd: go ngabhthar íad annsna cealguibh noch do smuáineadar féin.
3Oír maóidhigh an ciontach fonn a chroidhe, agus beannuighidh sé an sanntach, noch fhúathuighios an TIGHEARNA.
4Ní dhéan an ciontach, tre úabhar a ghnúisi, lórgaireachd a ndiáigh Dé; ní bhfuil Dia iona uile smuáintighibh.
5Atáid a shlighthe a ccomhnuigh doilghiosach; atáid a bhreithéamnuis a bhfad súas as a radharc: maille re na easccáirdibh uile, bíth sé ag fochmhuid fútha.
6A dubhairt sé iona chroidhe, Ní corrochar mé: óir ní bhía mé go bráth a naindeisi.
7Atá a bhéul lán do mhallachd agus do meabhuil agus do cheilg: faói na theangaidh atá urchóid agus díomhaóineas.
8Suighidh sé a nionaduibh foraire na mbailteadh: annsna hionaduibh diamhaire dúnmharbhuidh sé na neimhchiontuigh: atáid a shúile go foluightheach na súighe a naghaidh no mbochd.
9Luighidh sé a bhfeitheamh go diamhair amhuil leomhan iona fhúathais: luighidh sé a bhfeitheamh cum beirthe air na bochduibh; beirídh sé ar an mbochd, a nuáir thairrngios sé é chum a lín.
10Cromuidh sé, agus umhluighidh sé é féiu, chor go ttuitfeadh an bochd le na thréanuibh.
11A dubhairt sé iona chroidhe, Do dhearmuid Día: foluighidh sé a aghaidh; ní fhaicfidh sé go bráth é.
12Eírigh, ó a THIGHEARNA; a Día, tóg súas do lámh: ná dearmuid an tumhal.
13Cred fá ttarcuisnighid na ciontuigh Día? a dubhairt sé iona chroidhe, Ní íarrfa tú é.
14Do chonnairc tú é; oir do bheir tú aire durchóid agus do mhioscuis, chum a chúitigh led láimh: tiomnuighidh an bochd é féin duit; is tú cobharthóir na ndílleachd.
15Bris righ an chiontuigh agus an drochdhuine: lorg amach a chionta go nach bhfaghair éainní.
16Is Rígh an TIGHEARNA go saoghal na saoghal: do cuireadh na geinte seachad amach as a thalamh.
17A THIGHEARNA, do chúaluidh tú fonn a na numhal: uillmheocha tú a ccroidhe, do bhéarair air do chluáis éisdeachd:
18Chum breitheamhnuis do dhéanamh air an ndílleachd agus air an té foiréigeantar, chor nach éigneochaidh fear na talmhan ní budh mó.
Currently Selected:
Psailm 10: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)