YouVersion Logo
Search Icon

Psailm 11

11
Psalm XI.
Gu bhfuil cumann bhaoghlach na ndroch dhaoine, insheachanta.
Don phrímhfhear ceóil, Psalm Dháibhi.
1Annsa TIGHEARNA chuirim mo dhóigh: cionnus a deir sibhsi rem anam, Eitill mаr éun chum do shléibhe?
2Oír, féuch, lubaid na cionntaigh а mbogha, do níd a saighiod réigh air an tsraing; chor go ccaithfidís go foluigheach air an bhfíréun a ccroidhe.
3Má scriostar na bunáite, cred is féidir leis na fíréunuibh do dhéanamh?
4Atá an TIGHEARNA ann a theampall naomhtha, atá árdchathaóir аn TIGHEARNA air neamh: do bheirid a shúile aire, teastuighid forrdhubha a shúl, clann a ndaóine.
5Dearbhuidh an TIGHEARNA an fíréun: acht an ciontach agus an té ghrádhuighios foiréigion fúathuighidh a anam.
6Air an cciontach fearfuidh sé paintéur teine, agus ruibh, agus anfadh thinntidhe: budh é so comhroinn a ccupáin.
7Oír an TIGHEARNA fíréanta is ionmhuin leis fíréantachd; do bheir a ghnúis aire do dhuine díreach.

Currently Selected:

Psailm 11: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in