Psailm 12
12
Psalm XII.
Briathra dhaoine meabhlach, 6 ach briathra Dé ataid firinneach.
Don phrímhfhear ceóil air Sheminit, Psalm Dháibhi.
1Cabhair, a THIGHEARNA; óir scuiridh an duine díadha; óir faillighidh an creidmheach do bheith a measc chloinne na ndaóine.
2Labhruid síad díomhaóineas gach uile dhuine re na chomharsuin: le pusaibh meabhlacha le croidhe dúbalta labhruid síad.
3Géarrfuidh an TIGHEARNA amach gach uile phus meabhlach, agus an teanga noch labhras neithe uáibhreacha:
4Noch a dubhairt, Le ar tteangaidh buáidhirfeam; is linn féin ar bpuis: cía is tighearna ós ar ccionn?
5Ar son sáruighthe na mbochd, ar son osnadhach na neasbhadhach, anois éireocha mé, (a dubhairt an TIGHEARNA); cuirfé mé eision a neamhbaoghal ón té do chuirfeadh a ngaiste é.
6Focail an TIGHEARNA is focail ghlana íad: mar airgiod dearbhtha a bhfuirnéis chríadh, niamhghlanta seachd nuáire.
7Coimhéadfa tú íad, ó a THIGHEARNA, cuimhdeocha tú íad ón ghinealachso go bráth.
8Siubhluighid na ciontaigh air gach áontaóibh, a nuáir árduighthear na daóine is mímheasta.
Currently Selected:
Psailm 12: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)