Psailm 13
13
Psalm XIII.
Urnaigh fir ag cathughadh anaghaidh pheacadh.
Don phrímfhear ceóil, Psalm Dháibhi.
1Ca fad dhearmodair misi, a THIGHEARNA? go bráth? cá fad fhoileochthair thaghaidh uáim?
2Cá fad ghlacfad comhairle ann manam; dóbhron ann mo chroidhe go láetheamhuil? cá fad bhiáid mo naimhde air na nárdughadh ós mo chionn?
3Meas, agus éisd misi, ó a THIGHEARNA mo Dhía: soillsigh mo shúile, deagla go ccoideolfuinn codladh an bháis;
4Deagla go naibeoradh mo námhuid, Do bhuáidheas na aghaidh; agus an mhuinntir bhuáidhrios mé gairdighid a nuáir bhím ar ccorrughadh.
5Acht do chuirios mo dhóigh ann do thrócairesi; gáirdeochuidh mo chroidhe ann do shlánughadh.
6Canfad chum an TIGHEARNA, do bhrígh gur roinn sé go fialmhar riom.
Currently Selected:
Psailm 13: Bedell
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)