YouVersion Logo
Search Icon

Psailm 14

14
Psalm XIV.
Osnadh um nádur thruaillidh an duine.
Don phrímfhear ceóil, Psalm Dháibhi.
1A DUBHAIRT an tamadán iona chroidhe, Ní bhfuil Día ann. Atáid síad truáilligh, do rinneadar oibreacha adhfhúathmhara, ní bhfuil éainneach do ní maith.
2Dféuch an TIGHEARNA a núas ó neamh air chloinn na ndáoine, dféuchuin an raibh aonduine do thuigfeadh, agus diarrfadh Día.
3Do chlaonadar uile, atáid síad uile truáilligh: ní bhfuil éainneach do ní maith, ní bhfuil, éainneach amháin.
4An bhfuil éolus air bith ag a nuile dhuine oibrighios éaicceart? noch ithios súas mo phobalsa mar ithid síad aran, agus gan ghairm air an TTIGHEARNA.
5Annsin do bhádarsan a neagla mhóir: oir atá Día a nginealach na bhfíréan.
6Do náirigheabhair comhairle an bhoichd, do bhrígh gur bé an TIGHEARNA a dhaingean.
7O nach ttig slánughadh Israel amach as Sion! a nuáir bhéaras an TIGHEARNA daoirsine a phobail air ais, gáirdeochuidh Iácob, agus biaidh Israel lúathgháireach.

Currently Selected:

Psailm 14: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in