Psailm 4
4
Psalm IV.
Is é ard-mhaithe a nduine, gean maith Dé.
Don phrímhfhear ceóil air Neginot, Psalm Dháibhi.
1Eisd riom a nuáir ghoirfead, ó a Dhé mfíréantachda: dfuáscuil tú mé an tan do bhí mé a ccumhgach; déan trócaire orum, agus éist murnaigh.
2O Sibhsi a mhaca na ndaóine, cá fad bheithí ag íompóigh mo ghlóire chum náire? cá fad bhías grádh aguibh ar dhíomhaoineas, nó dhéantaói lorgaireachd a ndiáigh bhréag? Selah.
3Acht bíodh a fhios aguibh gur chuir an TIGHEARNA do leathtaoibh an duine diadha dhó féin: cluinfidh an TIGHEARNA an tan ghoirfead air.
4Bíodh úamhan oruibh, agus ná déanuidh peacadh: déanuidh comhrádh ré bhur ccroidhe féin air bhur leabuidh, agus beithi socair. Selah.
5Ofráluidh íodhbartha na fíréuntachda, agus cuiridh bhur ndóigh annsa TIGHEARNA.
6Atáid mórán ag rádh, Cía thaísbeanfas maith ar bith dhuinn? a THIGHEARNA, tóg súas solus do ghnúisi oruinn.
7Do chuiris lúathgháir ann mo chroidhe ní is mo ná a nuáir do mhéuduigh a narbharsan agus a bhfíon.
8Luighfe mé mar an ccéadna a síothcháin, agus coidéola mé: óir tusá, a THIGHEARNA, amháin chuireas am chomhnuidh me a neamhbáoghal.
Currently Selected:
Psailm 4: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)