YouVersion Logo
Search Icon

Psailm 21

21
Psalm XXI.
Búidheachas an déagh rí déis búadhughadh. 7 Agus a bhárr muinighinn.
Don phrímhfhear céoil. Psalm Dháibhi.
1A THIGHEARNA, ann do neartsa dhéanas an righ gairdeachus; agus cred é a lúathgháirigh bhías sé ad shlánughadh!
2Thug tú toil a chroidhe dhó: agus níor chonnuimh tú uádh íarratas a bhéil. Selah.
3Thug tú dho fós beannughadh na maitheasa suil do íarr sé: do chuiris coróin dór fhíorghlan air a chionn.
4Díarr sé beatha ortsa, agus thugais sin do, fad láithéadh go saoghal na saoghal.
5Is mór a ghlóirsion ann do shlánughadh: mórdhacht agus onóir do chuir tú air.
6Do dhéana tú fós ro bheannuigh é go bráth: do dhéana tú ro lúathghaireach é lé do ghnúis.
7Do bhrígh go bhfuil dóigh an rígh annsa TTIGHEARNA, agus maille re trócaire an té is ro Airde ní chorrochthar é.
8Do gheabhaidh do lámh amach do naimhde uile: do gheabha do lámh dheas an luchd fhúaithigheas thú.
9Do dhéana tú íad mar bhácús tinntighe a naimsir thfeirge: cnaóidhfidh an TIGHEARNA iona fheirg íad, agus sluigfidh an teine íad.
10Scriosfa tú a ttoradh ón ttalamh, agus a síol ó chloinn Adhaimh.
11Oír do chomhairligheadar olc ad aghaidh: do smuáinigheadar cleasradh urchóideacha, nár fhéadadar do chríochnughadh.
12Uime sin chuirfios tú romhad íad, mar bhuta re ccaitear soighde cuirfi tú do shoighde air do shranguibh as choinne a néadain.
13Arduigh thú féin, a THIGHEARNA, ad neart: marsin chanfum agus mholfam thárrachtus.

Currently Selected:

Psailm 21: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in