YouVersion Logo
Search Icon

Psailm 20

20
Psalm XX.
Guidhe na heagluisi arson an rí ionna thionnsgantaibh.
Don phrímhfear ceóil, Psalm Dháibhi.
1Go ccluinidh an TIGHEARNA thú a ló na buáidheartha; go ccoimhéaduigh ainm Día Iácob thú.
2Go ccuiridh cabhair chugad as an tsanctóra, agus go neartuighe thú as Sión.
3Go ccuimhnighe thofrála uile, agus go niompóigh thiodhbairt loiscthe a luáith. Selah.
4Go ttuga dhuit do réir do chroidhe, agus go ccoimhlíonuidh huile chomhairle.
5Do dhéanam gáirdeachuis ann do shlánughadh, agus a nainm ar Ndé cuirfeam bratacha súas: go ccoimhlíona an TIGHEARNA huile íarratas.
6Anois aithnighim go slánuighionn an TIGHEARNA a ungthach; cluinfe sé é ó na fhlaitheasuibh neamhdha re neart dídin a láimhe deise.
7Cuimhnighidh drong air charbaduibh, agus drong oile air eachuibh: acht cuimhneochaimne air ainm an TIGHEARNA ar Ndé.
8Tugadh a núas íad agus do thuiteadar: achd éirghimidne súas, agus seasamuid go díreach.
9O a THIGHEARNA, sabhail: cluineadh an rígh sinn a nuáir ghoirfeam.

Currently Selected:

Psailm 20: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in