Psailm 19
19
Psalm XIX.
Gu bfaicthear gloir Dhé iona oibrighthibh. 7 Agus a ghrás ina bhriathraibh.
Don phrímhfhear ceóil, Psalm Dháibhi.
1Foillsighid na flaithis glóir Dé; taisbeanuid na spéirigh obair a lámh.
2Foillsighidh lá urlabhradh do lá oile, agus foillsíghidh oidhche eagna doidhche.
3Ní bhfuil comhrádh ar bith, agus ní bhfuil focail nach ccluintear a nguth.
4Téid a líne go fóirleathan annsa talamh uile, agus a mbríathra go deireadh an domhuin. Do chuir sé páilliun don ghréin ionnta,
5Noch atá amhuil fear mná pósta ag teacht amach, as a sheómra, lúathgháirighidh sé amhuil fear neartmhar ag rioth coímhlionga.
6O théoruinn na bhflaitheas iseadh thríallus amach, agus a thimchiollradh go nuige a théorannuibh oile: agus ní bhfuil aóinni a bhfolach ó na theas.
7Atá dligheadh an TIGHEARNA iomlán, ag iompógh a nanma: is fírinneach fiaghnuise an TIGHEARNA, ag déanamh an tsimpligh críonna.
8Atáid reachda an TIGHEARNA ceart, ag gáirdiughadh an chroidhe: atá áithne an TIGHEARNA fiorghlan, ag tabhairt radhairc do na súilibh.
9Atá eagla an TIGHEARNA glan, ag marthuin choidhche: is fírinneach breitheamhnusa an TIGHEARNA agus ceart go hiomlán.
10Mó is cóir a níarruidh ná ór, aseadh, ná iomad dór fhínealta: ni is millsi mar an gcéadna ná mil, agus ná seilt chriathar na meala.
11Leó fós teagasgar do shearbhfhoghantuigh: iona ccoimhéad atá lúaigheachd mhór.
12Cía thuigfeas a sheachrán? ó pheacuighibh foluigheacha glansa mé.
13Mar au ccéadna ó pheacuighibh uáibhreacha connuimh ar ais do sheirbhíseach; ná bíodh cumhachda aca orum: annsin bhías mé díreach, agus bíad neimhchiontach ó naindligheadh mhór.
14Bídís bríathra mo bhéil, agus smuáineadh mo chroidhe, ionghabhtha ad lathair, ó a THIGHEARNA, mo charruic agus mfear fúasguilte.
Currently Selected:
Psailm 19: Bedell
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)