YouVersion Logo
Search Icon

Psailm 18

18
Psalm XVIII.
Caithreim, buidheachas, agus faigheadoireact Dhaibhi a ndeireadh a bheatha.
Don phrimhfhear ceóil, Psalm Dháibhi searbhfhoghantuigh an TIGHEARNA, noch do labhair ris an TTIGHEARNA bríathra na cainticesi ansa lá ionar sháor é as lámhuibh a namhad uile, agus as láimh Shauil: agus a dubhairt.
1Graidheochuidh mé thú, a THIGHEARNA mo neart.
2An TIGHEARNA mo charruic, agus mo dhaingean, agus mfear sáortha; mo Dhía, mo neart, ióna ccuirfe mé mo dhóthchus; mo scíath, agus adharc mo shlánuighthe, mo ionad árd.
3Goirfe mé air an TTIGHEARNA, nóch is fíu a mholadh: agus sáorfuighthear óm naimhdibh mé.
4Do thimchiolladar doilghiosa an bháis mé: do eagluigheadar tuilte na neimhdhíadhachda mé.
5Do thimchiolladar doilghiosa ifrinn fa ccuáirt mé: do cuireadh líonta an bháis as mo choinne.
6Ann mamhgar do ghoireas aír mo THIGHEARNA, agus déighios air mo Dhía: do chúaluidh sé ó na theampull mo ghuth, agus do chuáidh méighmhe ós a choinne, iona chlúasaibh.
7Ann sin do chroith agus do chriothnuigh an talamh; agus do chriothnuigheadar íochdar na ccnoc agus do chriotheadar íad féin, do bhrígh go raibh teas feirge air.
8Do chuáidh deatach súas tré na shróin phuill agus teine iosa bhéul ag cnaói: do lás gúal úadha.
9Agus do chláon sé na neamha agus tháinic a núas: agus do bhí dorchadus fa na chosuibh.
10Agus do bhí ag marcuigheachd ar Cherub, agus deitil sé; deitil go ro lúath ar sciothánuibh na gaóithe.
11Do rinne a ionad uáigneach don dorchadus; uisgeadh dorcha agus néulla tiugha a naiéir bá páilliúin dóma thimchioll.
12On deálradh do bhí as a choinne dimthigheadar a néulla tiugha, cloichshneachda, agus gúal teineadh.
13Agus do rinne an TIGHEARNA tóirneach annsna neamhuibh, agus thug an té is ro áirde a ghuth; cloichshneachda agus gúal teineadh.
14Fós, do chaith sé a shoighde, agus do spréidh sé íad; agus do chaith tinnteach, agus do chlaói íad.
15Agus do chonncas aigéun na nuisgeadh, agus do nochtadh íochdar an domhuin ód achmhusansa, a THIGHEARNA, ó shoinnéun anála do shróna.
16Do chuir sé a núas, do ghabh sé misi, do tharruing sé mé as iomad uisgeadh.
17Do sháor sé mé óm námhuid neartmhuir, agus ón druing do fhúathaigh mé: óir do bhádar ro neartmhar orum.
18Thangadar am aghaidh a ló mo thruáighmhéile: acht do bhí an TIGHEARNA na urrainn agam.
19Agus thug sé amach a nionad fhairsing mé; do sháor sé mé, do bhrígh go raibh dúil aige ionnam.
20Do aisig an TIGHEARNA dhamh do réir mfíréantachd; do réir ghloine mo lámh thug sé díoluigheachd dhamh.
21Do bhrígh gur choimhéud mé slighthe an TIGHEARNA, agus nar fhill mé go cionntach ó mo Dhía.
22Oír do bhádar a bhreitheamhnusa uile ós mo chomhair, agus níor chuireas a reachda uáim.
23Agus do bhí mé díreach aige, agus do choimhéadas mé féin ó mo chionntuibh.
24Agus thug an TIGHEARNA luáigheachd dhamh do réir mfíréuntachda, do réir ghloine mo lámh ós coinne a shúl.
25Don trócaireach táisbeanfa tú thú féin trócaireach; ris аn duine díreach táisbeanfa tú thú féin díreach;
26Do nfíorghlan foillseachthair thú féin fíorghlan; agus leis an cceannairctheach foillseochthair thú féin ceannairctheach.
27Oír sáorfa tú na daóine buáidheartha; agus bhéarair na súile ro árda a núas.
28OĂ­r lasfaidh tĂş mo chonniol: soillseochthuidh mo THIGHEARNA DĂ­a mo dhorchadus.
29Oír tré do chungnamhso rithfiod thríd shlúagh; agus maille ré mo Dhía rachad do léim thar bhalla.
30Do tháobh Dé, atá a shlighe iomlán: do dearbhadh bríathra an TIGHEARNA: is scíath é do nuile chuirios a ndothchus ann.
31OĂ­r cĂ­a is DĂ­a acht an TIGHEARNA? cia is carruig acht ar NdĂ­ane?
32An Día noch ullmhuighios mé lé neart, agus do ní mo shlighe iomlán.
33Noch do ní mo chosa ionann ré cosuibh na neilteadh, agus shuighios mé ar mionaduibh árda.
34An té mhúinios mo lámha chum cogadh, iondus go mbristior bogha crúadha rem lámhuibh.
35Agus thuguis dhamh mar an gceudna scíath do shlánuighthe: agus do chonnaimh do lámh dheas súas mé, agus do mhéuduigh do cheansachd mé.
36Fairseonguidh tú mo choiscéime fúm, agus ní sciorrfuid mo shála.
37Do bhéar tóruigheacht dom naimhdibh, agus béarad orra: agus ní fhillfe mé go cclaóidhtear íad.
38Goinfead íad thríotha iondus nach budh éidir léo éirghe: tuitfid fam chosuibh.
39Uillmheochuidh tú lé neart mé chum an chatha: claoidhfidh tú an luchd éirghios am aghaidh.
40Agus thugais muinéul mo námhad dhamh; agus na luchd fhuáithighios mé scriosfa mé íad.
41Do dhéanuid éimhghe, (agus ni bhiáidh áon do dhéanadh a ndídion): chum an TIGHEARNA, agus ní chluinfe sé íad.
42Agus brúighfe mé íad amhuil luáithreadh roimhe an ngaóith: amhuil lathach annsna sráidibh sailteoruidh mé orra.
43Saorfa tú mé ó imreasain na ndaóine; cuirfir mé mar cheann air na cineadhachaibh: daóine nar bhaithne dhamh do dhéanuid serbhís damh.
44Comhluath is chluinfid a ccluas, caithfid bheith umhal damh: caithfidh an coigcrigheach umhla do dhéanamh dhamh.
45Tuitfid na coigcrígh, agus biáidh eagla orra as a nionaduibh daingne.
46Mairidh an TIGHEARNA; agus go madh beannuigh bhias mo charruic; agus árduighthear Día mo shlánuighthe.
47An DĂ­a noch do bheir dioghaltas ar mo shonsa, agus a deir ris na daĂłinibh bheith urramach dhamh.
48Sáorfa tú mé óm naimhdibh: iseadh, tógfa tú mé ós cionn na druinge éirghios súas am aghaidh: sáorfa tú mé ó fhear a nfhoiréigin.
49Ar a nadhbharsin molfa mé thú, a THIGHEARNA, a measc na ngeinteadh, agus canfad moladh dot ainm.
50Noch do bheir fúascluithe móra dha rígh; agus fhoillsighios trócaire dhá ungthach, do Dháibhi, agus dá shíol go bráth.

Currently Selected:

Psailm 18: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in