YouVersion Logo
Search Icon

Psailm 22

22
Psalm XXII.
Gearán Dhaibhi ar na chrádh; ag tairrgir ar chéusadh Chriosd.
Don phrímhfhear ceóil ar Aiieletsahar, Psalm Dháibhi.
1Mo Dhía, mo Dhía, cred fár thréigis mé? agus tú a bhfad óm shlánughadh, ó bhriathruibh mo ghártha?
2Mo Dhía, comhaircfim annsa ló, agus ní chluin tú; annsa noidhche, ní bhfuil suáimhneas agam.
3Acht atá tusa náomhtha, thusa áitreabhus a molta Israel.
4Ionnadsa do chuireadar ar naithre a ndóigh: do chuireadar, agus do sháor tú íad.
5Chugadsa do chomhairceadar, agus do sáoradh íad: ionnad do chuireadar a ndóthchus, agus níor claóidheadh íad.
6Acht peist misi, agus ní duine; scannail na ndaóine, ar mo tharcu sniughadh ag an bpobal.
7Gach a bhfaicionn mé atáid ag magadh orum: iompóighid amach a mbéul, croithid а cceann,
8Ag rádh, Do chuir sé a dhóigh san TTIGHEARNA go saorfadh é: fúasgladh sé é, ó tá dúil aige ann.
9Acht is tusa thug misi amach as an mbroinn: thug tú orum dóthchus do bheith agam agus mé ar chíochuibh mo mhathar.
10Ortsa do teilgiodh mé ón mbroinn: ó bholg mo mhathar is tú mo Dhía.
11Ná bí a bhfad uáim: óir áta buáidhreadh a ngar; óir ní bhfuil fear cunganta.
12Do thimchiolladar iomad bulóg mé: tairbh neartmhara Básan thangadar am thimchioll go cruinn.
13Dfoscladar a mbeul orum, amhuil leomhan ag inghreim agus ag búirfidh.
14Atáim ar mo dhortadh amach amhuil uisge, atáid mo chnámha uile as a nionad fein: is cosmhuil re céir mo chroidhe; ar leaghadh a meadhon minnigheadh.
15Atá mo neart ar na thiormughadh amhuil criáidh loisge; agus do cheangail mo theanga dom ghíalluibh; agus thugais mé go luáithreadh an bháis.
16Oír thangadar madraidhe am thimchioll: díadhadar coimhthionól na ndrochdhaóine am thimchioll: do tholladar mo lámha agus mo chosa.
17Féaduim mo chnámha uile dáireamh: do chíd síad agus amhaircid orum.
18Roinnid méadach eaturra, agus do theilgeadar crannchair air mo chúlaidh.
19Acht thusa a THIGHEARNA, na bí a bhfad úaim: ó mo neart, deithfrigh dom chabhair.
20Sáor manam ón ccloidheamh; mo áon ó neart an mhadraidh.
21Coimhéad mé ó bhéul an leomhuin: óir do chúala tú mé ó adharcaibh na hunicorn.
22Foillseachuidh mé hainm dom dhearbhráithribh: a lár an choimhthionoil molfa mé thú.
23Sibhsi air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, moluidh é; síol Iácob uile, glóruidhe é; agus bíodh a eagla oruibh, a shíol Israel uile.
24Oír níor tharcuisnigh agus níor fhuáithigh sé aindese an duine bhoichd; agus níor fholuigh a aghuidh uadha; agus a nuáir do ghoir sé air, do chaluáidh sé.
25Budh tusa mholfas mé ann sa chomhdháil mhóir: coimhlionfa mé móide ós a ccuinne agá bhfuil a eagla orra.
26Iosaid na daoine macanta agus biáid sásta: molfuid an TIGHEARNA an luchd íarrus é: mairfidh bhur ccroidhe go bráth.
27Cuimhneochuid críocha na talmhan uile é agus iompóchuid chum an TIGHEARNA: agus do dhéanuidh a nuile chineadh do na geinteibh adhradh ós a choinne.
28Oír is leis an TTIGHEARNA an rioghacht: agus isé is úachdarán a measc na ccineadhach.
29Gach a bhfuil reamhar ar talamh íosuid agus do dhéanaid adhradh: a rachuidh síos don luaithreadh claonfuid ós a choinne: agus ní dhéana aóinneach a anam féin do chongmháil béo.
30Do dhéaná sliochd serbhís dó; áirmheochthar don TIGHEARNA mar ghinealach é.
31Tiucfaid síad, agus foillseóchuid a fhíréuntachd don luchd bhéarthair, go ndéarna sé é.

Currently Selected:

Psailm 22: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in