YouVersion Logo
Search Icon

Psailm 17

17
Psalm XVII.
An duine diagha ag tagra ré na naimhdibh.
Urnaigh Dháibhi.
1Eist an ceart, a THIGHEARNA, tabhair aire dom éighiomh, tabhair clúas dom urnuigh, noch imthigheann amach as pusuibh meabhlacha.
2Tigeadh mo bhreitheamhnus amach ód lathair; tugaidís do shúile aire do na neithibh atá comhthrom.
3Do dhearbhuis mo chroidhe; do fhiosruighis sa noidhche; do dhearbhuis mé, agus ní bhfuighir éainní; is mían liom nach cciontochuidh mo bhéul.
4A ttáobh oibreach na ndaóine, lé breithir do phussa do sheachain mé casáin an scriostóra.
5Connuimh súas mo imtheachd ann do chasánuibh, chor nach sleamhnochuid coischéime mo chos.
6Do ghoireas ort, óir cluinfir mé, ó a Dhé: cláon do chlúas chugam, agus éist mo chomhrádh.
7Taisbéin do chinéul grádhach iongantach, ó thusa noch sháorus led láimh dheis an luchd do chuirios a ndóigh ionnad ón mhuinntir noch éirghios súas na naghaidh.
8Coimhéad mé mar mheall na súl, foluigh mé faói scáile do sciathán,
9O na ciontachuibh noch sháruighios mé, óm naimhdibh marbhthacha, noch thimchiollas mé fa ccuairt.
10Atáid síad dlúithithe iona méuthus féin: le na mbeul labhruid go huáibhreach.
11Do thimciolladar anois sinn ionar ccoiscéimibh: do chuireadar a suile ag cromadh síos chum na talmhan;
12Amhuil leomhan noch ata geanach chum a chreiche, agus mar leomhan óg ag forchoimhéad a nionaduibh díamhara.
13Eírigh, ó a THIGHEARNA, toirmisc é, teilg síos é: fúasguil manam ó na cionntachaibh, red chloidheamh:
14O dhaóinibh red láimh, a THIGHEARNA, ó dhaóinibh an tsáoghail, agá bhfuil a ccuid annsna mbeathaso, ag ar líonuis a mbuilg led ionnmhus foluigheach: atáid síad lán do chloinn, agus fágbhuid an chuid oile dá maóin agá naóidheanuibh.
15Air mo shonsa, do bhéara mé aire dot ghnúisi a bhfíréantacht: biáidh mé sásuigh, an tan mhúisgeolus mé, led chosamhlacht.

Currently Selected:

Psailm 17: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in