YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 3

3
Caibidil III
Do leighis Iosa gach tinneas, 13 agus thógh an da deisciobail dég.
1Agus dó chúaidh Iósa a sdeach a rís don tsionagóig; agus do bhi neach ann sin agá raibh a láimh ar na seargadh. 2Agus do bhádar agá bhrath, an sláinéochadh sé é san tsabbóid; ionnus go gcuirfidís cúis air. 3Agus a deir sé ris an duine agá raibh an lámh sheargthaigh, Sheasamh a meadhón cháich. 4Agus a dubhairt sé riusan, An ceaduigheach maith, ná olc do dhéanamh san tsabbóid? anam do shlánughadh, nó do mharbhadh? Achd do éisdeadarsan. 5Agus ar bhfeachain go feargach orrthasan na thímcheall, ar ngabháil dóilghis chuige ar son chrúais a gcróidheadhsan, a dubhairt sé ris an duine, Sín a mach do lámh. Agus do shín: agus do haiseagadh a lámh slán mar an láimh eile. 6Agus ar ndul a mach do na Phairisíneachuibh, do rinneadar comhairle ar an mball le muinntir Iorúaith na aghaidhsion, cionnas do mhíllfhidís é.
7Achd do chúaidh Iósa maille ré na dheisclobluibh do leath táoibh chum na fairge: agus do lean slúagh mor on Ghalilé, agus ó thír Iúdaighe é. 8Agus ó Ierusaléím, agus ó Iduméa, agus ón táobh thall do Iórdán; agus an dream do aitreabh timcheall Tírus agus Sidon, an tan do chúaladar méud na neitheadh do rinne se, tangadar chuige buidhan mhór. 9Agus a dubhairt seisean ré na dheisciobluibh, long bheag do bheith do ghnáth ag feitheamh air ón tslúagh, ionnus nach brúidhfidís é. 10Oír do shlánuigh sé mórán; ionnus gur lingeadar air an mhéid ar a rabhadar easláinteadha, do chum go gcuiméolaidís ris. 11Agus an tan do chidís na spioraidighe neamhghlana é, do shléachdaidís do, agus do éighmhidís, ag rádh, Is tusa Mac Dé. 12Achd do bhagair séisean go mór orrtha, do chum nach bhfoilseochaidís é.
13Agus do chúaidh sé súas an tansin ar shliábh, agus do ghoir sé chuige an dream do budh toil leis: agus tangadar chuige. 14Agus do órduigh sé dhá fhear dhéug do bheith na fhochair, do chum go cuirfeadh sé do dhéunamh seanmóra íad, 15Agus go mbíadh aca cumhachda easláinteadh do léigheas, agus deamhain do theilgean amach: 16Agus air Shiómon tug sé Peadar mar ainm; 17Agus Séumas mac Sebede, agus Eóin dearbhrathair Shéumuis; (agus tug sé Boanérges danmanuibh orrtha, is ionann sin ré rádh, agus Clann na tóirrníghe:) 18Agus Aindriás, agus Philip, agus Bartoloméus, agus Matha, agus Tomás, agus Séumas mac Alphéi, agus Tadéus, agus Siómón an Canániteach, 19Agus Iúdas Iscáriot, an tí do bhraith é, agus tangadar don tigh.
20Agus do chruinnigheadar an tslúagh a rís, ionnus nar bhéidir léo fíu an bhídh do chaitheamh. 21Agus an tan do chúaladar a cháirde so, tangadar a mach do bhreith air: óir a dubhradar, Go raibh sé ar míchéill.
22Agus a dubhradar na sgríobuidhe tháinic a núas ó Iérusaléim, Go raibh Beelsébub ann, agus gur ab tré phrionnsa na ndeamhan do chuireadh sé na deamhain ámach. 23Agus do ghoir sé chuige íad, agus a dubhairt sé a gcosamhlachduibh ríu, Cionnas is éidir lé Sátan Sátan do theilgean amach? 24Agus ma bhíonn ríoghachd roinnte na haghaidh féin, ní héidir leis a ríoghachd sin seasamh. 25Agus ma bhíonn tigh rionnte na aghaidh féin, ní héidir leis a tigh sin seasamh. 26Agus má éirgheann Sátan na aghaidh féin, agus go mbía sé roinnte, ni héidir leis seasamh, achd atá deireadh aige. 27Ní héidir le neach ar bith dul a sdeach go tigh duine láidir, agus a airnéis tighe dhfúadach leis, muna ccuibhrighe sé ar tús an duine láidir úd; agus ann sin sladfuidh sé a thigh. 28A deirim ribh go fírinneach, Go maithfithear na huile pheacadh do chlannuibh na ndáoine, agus gach blaisphéime dá laibhéoruid: 29Achd gidh bé déaras blaispheíme a naghaidh an Spioraid Náoimh, ní fhághann sé maithfeachus choidhche, achd atá sé cionntach ón bhreitheamhnus shiorruighe: 30Oír a dubhradar, Is spiórad neamhghlan atá aige.
31Uime sin tangadar a dhearbhráithre agus a mhaithar, agus, ar seasamh a muigh dhóibh, do chuireadar fios chuigesion dá ghairin. 32Agus do shuidh an slúagh na thimcheall, agus a dubhradar ris, Féuch, atá do mhathair agus do dhearbhráithre a muich ad iárruidh. 33Agus ar bhfregra dhóibh, a dubhairt sé, Cia hí mo mhathair, nó mo dhearbhraithre? 34Agus ar bhféachain ar an muinntir do bhí na suidhe na thimcheall, a deir sé, Féuch mo mhathairsi agus mo dhearbhraithre! 35Oir gidh bé neach do dhéana toil Dé, is é so mo dhearbhráthair, agus mo dheirbhshiúr, agus mo mhathair.

Currently Selected:

Marcus 3: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in