Marcus 2
2
Caibidil II
Iósa ag suighe chum bídh le peacachuibh, 18 do ghabh sé leithsgeul a dheisciobal.
1Agus a gcionn bheagáin aimsire na dhíagh sin do chuáidh sé a rís go Capernáum; agus do clós eisean do bhéith a dtigh. 2Agus ar an mball do chruinnígheadar móran a gceann a chéile, ionnas nar thuilleadar ann sna hionadaibh a dtimcheall ann doruis: agus do rinne sé an bhriathar do sheanmóir dhóibh. 3Agus tangadar chuige dream, ag iomchar fhir pairilisi, agá raibh ceathrar dá iomchar. 4Agus do bhrigh nár bhéidir léo teachd a ngar dhó ón tslúagh, do nochadar mullach an tighe an a raibh sé: agus ar na pholladh dhóibh, do léigeadar sios lé téudibh an leabuibh ann a raibh na pairilisi na luighe. 5Agus an tan do chonnairc Iósa a gcreideamh, a dubhairt sé ré fear na pairilisi, A mhic, a táid do pheacaidh ar na maitheamh dhuit. 6Achd do bhádar drong áirighe do na sgríobuidhibh na suidhe ann sin, agus íad ag smúaintiughadh an a gcróidhthibh féin, 7Créad fá labhrann an fear so blaispheimighe mar so? cia fhéudus peacuigh do mhaitheamh achd Día na áonar? 8Agus ar an mball ar na aithne Diósa an a spíoraid féin go rabhadarsan ag smuáintiughadh mar sin ionnta féin, a dubhairt sé ríu, Créd fá smuáintisi na neithesi an bhur gcroidhthibh? 9Cía is usa a rádh ré fear na pairilisi, A táid do pheacuigh ar na maitheamh dhuit; na a rádh, Eirigh, agus tóguibh do leaba, agus siobhail? 10Achd ionnas go mbeith a fhios agaibh go bhfuil cumhachda ag Mac an duine peacaigh do mhaith ar an dtalamh, (a deir sé ré fear na pairilisi,) 11A deirimsi riot, Eirigh, agus tóguibh do leabuidh, agus imthigh dod thigh. 12Agus do éirigh seisean ar an mball, agus ar dtógbháil a leabtha, do chuáidh sé a mach na bhfíadhnuisi uile; ionnas gur ghabh úathbhás íad uile, agus go dtugadar glóir do Dhía, ag rádh, Ní fhacamairne a leitheid so a ríamh.
13Agus do chúaidh sé a mach a rís chum na fairge; agus táinic an slúagh uile chuige, agus do theaguisg sé íad. 14Agus ag gabháíl tháiris dó, do chonnairc sé Lébhi mac Alphéi na shuidhe ag bórd an chusduim, agus a dubhairt sé ris, Lean misi. Agus ar néirghe dhosan do lean sé é.
15Agus tarla, an tan do shuigh Iósa chum bídh an a thigh súd, gur shuigheadar mórán puiblicán agus peacach fós ma ráon ré Hiósa agus ré na dheisciobluibh: óir do bhádar móran, agus do leanadar é. 16Agus an tan do chonncadar na gríobuidhe, agus na Phairisínigh eision ag caitheamh bídh a bhfochair na bpubliocá agus na bpeacach, a dubhradar ré na dheisciobluibh, Créd fá nítheann agus fá nibheann sé a bhfochair na bpubliocán agus na bpeacach? 17Agus an tan do chúaluidh Iósa so, a dubhairt sé ríu, Ni bhfuil ríachdanus ag na dáoinibh slána ré liaigh, achd ag na dáoinibh easlán. Ní tháinic misi do ghairm na bhfiréunach, achd na bpeacach chum aithríghe.
18Agus do throisgeadar deisciobail Eóin agus na Bhphairisíneach: agus tígid agus a deirid risean, Créd fá dtroisgid deisciobail Eóin agus na Bhphairisíneach, agus nach déunid do dheisciobailsi trosgadh? 19A dubhairt Iósa ríu, A nféidir lé clóinn séomra an fhir núaphósda, an fad bhías an fear núaphósda na bhfochair trosgadh do dhéanamh? an fad a tá an fear núaphósda aca na bhfochair, ní fhéidir leo trosgadh do dheanamh. 20Achd tiocfuidh na laéthe, an a mbéurthar úatha an fear núaphósda, agus ann sin do dhéanuid trosgadh ann sna laéthibh sin. 21Agus ní fhúaigheann neach ar bith preabán déudach núa lé seinéudach: nó beanuidh an prebán núa úd cuid don tseineudach, agus is móide an briseadh. 22Agus ní chuireann neach ar bith fíon núa a seanbhuidéuluibh: nó brisidh an fíon núa na buidéil, agus dóirteár an fíon, agus téid na buidéil a mugha: achd is a mbuidéuluibh núadha is cóir fion núa do chur.
23Agus tárla, ag gabháil tré ghortuibh dhó isin tsábboid; gur thionnsgnadar a dheisciobail, ag soibhal na slígheadh déusa do bhúain. 24Agus a dubhradar na Phairisinigh ris, Féuch, créd fá ndéanuidh síad sa tsabboid an ní nach ceaduightheach? 25Agus a dubhairt seisean ríu, An né nar léaghabhair a ríamh créud do rinne Dáibhi, an tan do bhí ríachdanus air, agus do bhí ocrus air, é féin, agus ar an mhúinntir do bhí maille ris? 26Cionnas do chúaidh se a sdeach a dtigh Dé an tan do bhí Abiathar na árdshagart, agus do ith sé arán na fíadhnuisi, nach ar cheaduigheach dithe achd do na sagartuibh, agus fós tug sé é don dréim do bhí maille ris? 27Agus a dubhairt sé ríu, Is ar son an duine do hórduigheadh an tsabbóid, agus ní ar son na sabbóide an duine. 28Ar an adhbharsin is Tighearna Mac an duine ar an tsabboid féin.
Currently Selected:
Marcus 2: Bedell
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)