YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 1

1
Caibidil I
Beatha chrúaidh, agus seanmóir Eóin um leasughadh beatha, 14 le soisgeil aóibhinn Chriosd a ttáobh sháoradh na nanmann.
1Tosach shoisgeil Iósa Chríosd, Mhic Dé; 2Mar atá sgríobhtha annsna fáidhibh, Féuch, cuirim mo theachdaire romhad, noch uillmheochas do shlighe romhad. 3Guth an tí éimhgheas ar an bhfásach, Oílmhuighidh slighe an Tighearna, déanaidh a chasáin díreach. 4Do bhí Eoin ag baisdeadh ar an bhfásach, agus ag seanmóir bhaisdigh na haithrighe do chum maithmheachuis na bpeacadh. 5Agus do chúaidh tír Iúdaighe uile, agus luchd Iérusaléim a mach chuige, agus do bhaisdeadh leis íad uile a sruth Iordáin, ag admháil a bpeacadh. 6Agus do bhí Eóin ar na éadughadh dó rúaínneach cámhall, agus crios leathair timcheall a leasruigh; agus a sé bíadh do itheadh sé, lócuisdighe agus mil choilteamhail; 7Agus do rinne sé seanmóir, ag rádh, Tig am dhiáighsi neach is neartmhuire na misi, ag nách fiu mé cromadh agus íallach a bhróg do sgáoileadh. 8Go deimhin do bhaisd misi sibh lé huisge, achd cheana baisfidh seision sibh leis an Spiorad Náomh.
9Agus tarla ann sna laéthibh sin, go dtainic Iosa ó Nasarét na Galilé, agus gur baisdeadh é a Iórdan lé Héoin. 10Agus ar ndul súas dó ar an mball as a nuisge, do chonnairc sé neamh ar ná sgóiltadh ó cheile, agus an Spiorad ag tuirrling airsion a riochd choluim: 11Agus táinic guth ó neamh, Is tusa mo Mhac grádhachsa, an a bhfuil mo mhór thoil.
12Agus ar an mball do tharruing an Spiorad é ar an bhfásach. 13Agus do bhí sé ann sin ar an bhfásach dhá fhithchead lá, ág fulang chathuighthe ó Shátan; agus do bhí sé a bhfochair na mbeitheach allta; agus do bhí na haingil ag mionasdrálachd dó.
14Agus tar éis Eóin do chur a bpriosún, táinic Iósa don Ghalilé, ag seanmoir soisgéil rioghachda Dé, 15Agus ag rádh, Do coimhlíonadh a náimsir, agus do dhruid ríoghachd Dé rinne: déanuigh aithríghe, agus creidigh don tsoisgéul. 16Agus ar siubhal dó láimh ré fairge na Galilé, do chonnairc sé Síomón agus Aíndrias a dhearbhráthair ag teilgean lín ann sa bhfairge: (óir do budh íasguireadha íad.) 17Agus a dubhairt Iósa ríu, Leanaidh misi, agus do dhéana mé íasguireadha ar dháoinibh dhíbh. 18Agus ar bhfagbháil a líontadh ar an mball dóibhsion, do leanadar é. 19Agus ar nimtheachd dó beagan as sin, do chonnairc sé Séumas mhac Sebede, agus Eoin a dhearbhráthair, agus íad a luing ag córugbadh a líontadh. 20Agus do ghoir sé íad ar an mball: agus ar bhfagbháil Sebedé a nathar dhóibhsion an sa luing maille ris an luchd túarasdail, do leanadar é.
21Agus tíaghuid a sdeach go Capernáum; Agus ar an mball sá stsabbóid do chúaidh Iosa don tsionsgóig, agus do theaguisg sé ann. 22Agus do ghabh iongnadh íadsan fá na theagasg: óir do theaguisg sé íad mar neach agá raibh cumhachda, agus ní mar na sgríobuighe. 23Agus do bhí an a sionagólgsion neach an a raibh spiorad neamhghlan; agus do éigh sé, 24Ag rádh, leigdhin créd í an bhúain atá aguinne ríotsa, a Iósa Nasardha? an dtáinic tú dár sgriosne? a tá a fhios agamsa cía thú, Neach Náomhtha Dé. 25Agus do bhagair Iósa air, ag rádh, Bí ad thochd, agus tárr a mach as. 26Agus do réub an spiorad neamhglan é, agus ag eimhghe do ghuth árd, táinic se a mach as. 27Agus do ghabh úathbhás cách uile, ionnus gur fhíafruigheadar eatorra féin, ag rádh, Créd é so? créd é an teagusg núadh so, go gcuireann sé smachd maille ré cumhachduibh ar na spioraduibh neamhghlana, agus do númhluighid dho, 28Agus do chúaidh a chlúsan ar an mball ar feadh na tíre uile a dtimcheall na Galilé.
29Agus mar is lúaithe, do chúadar as an tsionagoig, tangadar go tigh Shimóin agus Sindriáis, ma ráon ré Súemas agus ré Héoin. 30Agus do bhí mathair mhná Shimóin na luighe a bfiabhrus, agus do labradarsan do láthair risean na tímcheall. 31Agus táinic seision na cionn agus do thóg sé í, ag breith ar láimh uirrthe; agus do dhealuigh an fíabhrus ría ar am mball, agus do rinne si friothólamh dhóibh.
32Agus an tan do bhí deireadh an láoi ann, ar ndul don ghréin fáoi, tugadar chuige gach áon dá raibh easlan, agus an a rabhadar deamhain. 33Agus do bhí an chathair uile ar gcruinniughadh chum an doruis. 34Agus shlánuigh sé mórán ar a rabhadar easláinteadha ilghnétheacha, agus do theolg sé amach mórán deamhan; agus níor fhulaing sé do na deamhnuibh a rádh, go raibh éolus aca air.
35Agus ar maidin, go romhoch ar néirghe dhó a ndeireadh na hoidhche, do chúaidh sé amach, agus do imthigh sé go háit fhásamhuil, agus do rinne sé urnuighthe ann sin. 36Agus do lean Siómon é, agus an dream do bhí na fhochuir. 37Agus an tan fúaradar é, a dubhradar ris, Atá gach áonduine dod íarruigh.
38Agus a deir seision ríu, Déanam do na bailtibh beaga so láimh rinn, do chum go ndéanuinn seanmoir ann sin leis: óir is chuige so tháínic me a mach. 39Agus do rinne sé seanmoir an a sionagógaibh ar feadh na Galilé uile, agus do theilg sé na deamhain a mach.
40Agus tig lobhar chuige, dá léigean ar a ghlúinibh dhó, ag íaruigh dathchuinge air, agus dá rádh ris, Más toil leachd, is éidir leachd misi do ghlanadh. 41Agus ar ngabháil truaighe móire Díosa dhó, agus ar sineadh a láimhe, do bhean sé ris, agus a dubhairt sé ris, Is toil; bí glan. 42Agus ar labhairt dósan, do imthigh an lubhra úadh ar ball, agus do bhí sé ar na ghlanadh. 43Agus tar éis bagar air, do chuir sé úadh é do lathair; 44Agus a dubhairt sé ris, Tabhair dod aire nach innéosa tú déinneach é: imdigh, taisben thú féin don tsagart, agus iodhbair ar son do ghlanta na neithe do aithin Máoise, mar fhíadnuisi dhóibh. 45Agus ar nimtheachd dósan a mach do thionnsgain sé mórán dfhoillsiughadh, agus an ní do chur ós aird, ionnas nach raibh neart ag Iósa dul a sdeach sa gcathruigh ós aird, achd bheith a muigh a nionaduibh fásamhla: agus tangadar chuige as gach uile aírd.

Currently Selected:

Marcus 1: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in