YouVersion Logo
Search Icon

Matha 28

28
Caibidil XXVIII
Eiseirghe Chriosd, 19 leórdughadh an Bhaise, agus na Nabsdal.
1Agus a ndeireadh na sábbaide, an tan do shoillsigh an céud don tseachdmhuin, táinic Muire Mhagdalén agus an Mhuire eile, dféachain an túama. 2Agus, féuch, do bhí crith mór talmhan ann: Oír ag tuirling daingeal an Tighearna a núas ó neamh, táinic sé, agus diomlait sé an chloch ón dorus, agus do shuigh sé uirrthe. 3Agus do bhí a ghnúis mar mar theinnteach, agus a éadach geal mar shneachda: 4Agus do chriothnuigheadar an luchd coimhéada ar a eaglasan, agus do bhádar a riochd mhairbh. 5Achd ar bhfreagra do naingeal a dubhairt sé ris na mnáibh, Ná bíodh eagla oruibhsi: óir atá a fhios agam, gur ab é Iósa do crochadh a tátháoi díarruigh. 6Ní bhfuil sé ann so: óir do eirigh sé, mar a dubhairt sé, Tigidh, féachaidh a náit an a raibh an Tighearna na luighe. 7Agus ar nimtheachd dáoibh go lúath, innsidh dá dheisciobluibh gur éirigh sé ó mharbhuibh; agus, féuch, atá sé ag dul romhuibh don Ghalilé; do chífidhe ann sin e: féuch, a dubhairt misi ribh é. 8Agus ar nimtheachd ón túama go deithneasach dhóibh maille ré heagla agus ré gáirdeachus mór; do riothadar dá fhoillsiughadh sin dá dheisciobluibhsion.
9Agus an tan do imthigheadar do chum go bhfoillséochadis sin dá dheisciobluibhsion, féuch, tárla Iósa orrthá, ag rádh, Día bhur bheathadh dháoibh. Achd tangadarsan, agus rugadar ar a chosaibhsion, agus do onóruigheadar é. 10A deir Iósa an tansin ríu, Ná bíodh eagla oruibh, imthighidh beiridh sgéula chum mo dhearbhraithreach do chum go rachaidís don Ghalilé, agus do chífid misi ann sin.
11Agus ar nimtheachd dóibhsean, féuch, tangadar cuid don luchd faire don chathair, agus do innisidear dúachdaránuibh na sagart gach uile ní dá ndearnadhann. 12Agus do chruinnigheadar a gceann a chéile maille ris na sinnsioruibh, agus ar ndéanamh comhairle dhóibh, tugadar mórán airgid do na saighdiúiribh. 13Ag rádh, Abruidh, Tangadar a dheisciobuil annsa noidhche, agus do ghoideadar é an feadh do bhámuirne ar gcodladh. 14Agus má chluin an túachdarán an ní so, do bhéaruimne fa deara dhó, nach bía gúasachd ar bith oruibhsi. 15Agus ar nghabháil an airgid dóibhsion, do rinneadar mar do múineadh dhoibh: agus aithrisdior an glorsa a measg na Níuduigheadh go soithe an lá a niugh.
16Achd do imthigheadar an táoindeisciobail dég don Ghalilé chum sléibhe mar ar órduigh Iósa dhóibh. 17Agus an tan do chonncadar é, do onóruigheadar é: achd do bhi amharus ag cuid dióbh air. 18Agus ar dteachd Diosa do labhair sé ríu, ag rádh, Thugadh dhamsa gach uile chumhachda ar a neamh agus ar talamh. 19Ar a nadhbharsin imthighidhsi, teaguisgidh na huile chineadhacham da mbaisdeadh a nainm a Nathar, agus an Mhic, agus an Spiorad Náoimh: 20Agus teaguisgidh íad gach uile ní dár, aithín misi dhibh do choimhéud: agus, féuch, a táimsi bhur bhfochair gach éinla go deireadh an tsaoghail. Amen.

Currently Selected:

Matha 28: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in