YouVersion Logo
Search Icon

Isaiah 9

9
Caibidil IX.
Sa nam is mó dólas ar an tsaóghail, tiocfaidh Criosd le Sólás.
1Thairis sin ní bhía an doille mar do bhí na buáidhreadh, a nuáir ar ttus do ghortuigh sé go héattrom tír Shebulun, agus fearann Naphtali, agus na dhiáigh sin do ghortuigh ní sa ghéire í ar shlighe na fairge, táobh thall do Iordan, a Ngalilee na ccineadhach.
2An pobal do shiubhuil a ndorchadus do chonncadar solus mór: an mhuinntir do chomhnuidh a ttír scáile an bháis, orra sin do lonnruigh an solus.
3Dfoirlíon tú an cineadh, agus níor mhéaduigh tú an gáirdeachus: lúathgháirid siad romhad do réir na lúathgháire annsa bhfoghmhar, már gháirdighid daóine a nuáir roinnid a néadáil.
4Oír do bhris tú cuing a úaluigh, agus bata a ghualann, slat an té do rinne leathtrom air, amhuil a ló Midian.
5Oír bí gach áonchath an chogthuigh maille re tormán cumaisgthe, agus re héaduighibh fillte a bhfuil; achd biáidh so maille le losgadh agus connadh agus teine.
6Oír do rugadh leanabh dhúinne, tugadh mac dhúinn: agus biáidh an ríaghladh air a ghúaluinn: agus goirrfighear a ainm Iongantach, Comhairleach, An Día cumhachtach, An Tathair síorruidhe, An Prionnsa na Síothchána.
7Ni bhía críoch air bhiseach a ríaghluidhthe agus a shíothchana, ar chathaóir Dháibhi, agus air a rioghachd, da hórdúghadh agus dá seasamh le breitheamhnus agus lé ceart ó so amach go bráth. Teasghrádh THIGHEARNA na slógh choimhlíonfas so.
8¶ Do chuir an TIGHEARNA focal ann Iácob, agus do thuirling sé ar Israel.
9Agus aitheonuidh an pobal uile, eadhon Ephraim agus dúthchusaidh Shamária, noch a deir a núabhar agus a meanma chroidhe.
10Do thuiteadar na bríceadha síos, acht cuirfeimne súas lé clochuibh snoighte: do gearradh na siccamair síos, acht áthrochuimne íad a cédar.
11Uime sin cuirfidh an TIGHEARNA naimhde Resin súas na aghaidh, agus teannfuidh a naimhde re chéile;
12Na Sírianuigh ann a ttosach, agus na Philistinigh ann a ndeireadh; agus sluicfid Israel le béul foscuilte. Ar a shon so uile níor filleadh a fhearg, acht atá a lámh sinte amach a ccomhnuidhe.
13¶ Oír ní fhilleann an phoal chum an té bhuaileas íad, ní mo íarruid síad TIGHEARNA na slógh.
14Uime sin géarrfuidh an TIGHEARNA ó Israel idir cheann agus earball, an beangán agus lúachair, a neanló.
15Isé an sinnsior agus an tonórach, an ceann; agus an fáidh mhúineas bréuga, an tearball.
16Oír tréoruigheóirigh an phobailsi do bheir orra seachrán; agus an drung thréoruighthear léo atáid díothlairighthe.
17Uime sin ní gháirdeochuidh an TIGHEARNA iona nóganachaibh, agus ní dhéana truáighe da ndilleachduibh nó da mbaintreabhachaibh: óir is fúarchráibhtheach gach aonduine agus droichghniomhach, agus labhruidh gach aóinbhéul leimhe. Ar a shon so uile ní filltear a fhearg ar a hais, acht ata a lámh sínte amach a ccomhnuidhe.
18¶ Oír loisgidh an tolc mar theine: loisgfidh na dreasa agus na dosáin, agus lasfuidh a ttiugh ná bhforaóiseach, agus éireochuid súas cosmhuil ré héirghe súas deatuighe.
19Tre fheirg THIGHEARNA na slógh dorchuighthear an dúithche, agus béid na daóine mar chonnadh na teineadh: ní choigeola áonduine a dhearbhrathair.
20Agus fuaideocha sé as a láimh dheis, agus bía ocrach; agus íosuidh súas don láimh chlé, agus ní bhéid sáitheach: íosuidh gach aonduine feóil a righe féin:
21Manasseh, Ephraim; agus Ephraim, Manasseh: íad lé chéile a naghaidh Iúdah. Ar a shon so uile níor filleadh a fhearg, acht atá a lámh sínnte amach do ghnáth.

Currently Selected:

Isaiah 9: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in