YouVersion Logo
Search Icon

Isaiah 7

7
Caibidil VII.
Gu mbeir maighdion mac, 1 Immanuel.
1Agus tárla a láethibh Ahas mhic Iótam, mhic Ussiah, rígh Iúdah, go ndeachuigh Résin rígh na Síria, agus Pecah mhac Remaliah rígh Israel, leath re Hierusalem do chogadh na haghaidh, agus níor fhéadadar búadhughadh uirre.
2Agus do hinnseadh sin do thigh Dháibhi, gha rádh, Atá Síria ceangailte re Hephraim. Agus do corruigheadh a chroidhe, agus croidhe a phobail, mar chorruíghthear crainn na coilleadh leis an ngaoith.
3Annsin a dúbhairt an TIGHEARNA re Hisaiah, Eirigh amach do theagmháil re Ahas, thú féin, agus Seur‐Iasub do mhac, ag ceann tiubruide an locháin úachdaruigh a slighe mhóir mhachaire a núcaire;
4Agus abair ris, Haire dhuit, agus bí suáimhneach; ná biodh eagla ort, agus ná bí lagchroidhtheach ar son dhá earball án dá aithinne deatuighsi, ar son feirge Resin maille re Síria, agus mac Remaliah.
5Do chionn gur ghabh Síria, Ephraim, agus mac Remaliah, drochchomhairle ad aghaidh, dha rádh,
6Déanam súas a naghaidh Iúdah, agus búaidhriom íad, agus déanam briseadh innte dhúinn, agus suighiom rígh iona lár, mac Tabeal:
7Is marso a deir an Tighearna DIA, Ní sheasfa sé, ní mo thiucfa sé a ccrích.
8Oír isé Damascus ceann na Síria, agus ceann Dhamascus Resin; agus táobh a stigh do thrí fithchid agus chúig bhliadhna brisfighear Ephraim, chor nách bía pobal ann.
9Agus Samária ceann Ephraim, agus ceann Shamária mac Remaliah. Muna ccreidthí, go deimhin ní daingneochthar sibh.
10¶ Tuilleamh oile, do labhair an TIGHEARNA re Hahas, gha rádh,
11Iárr comhartha ar do THIGHEARNA Día; íarr é ann san doimhne shíos, nó annsa náirde shúas.
12Agus dubhairt Ahas, Ní íarrfad, agus ní chuirfiod cathughadh air an TTIGHEARNA.
13Agus a dubhairt seision, Eistigh, anois, ó thigh Dháibhi, An beag agaibhsi daóine do chur, achd ann ccuirfe sibh mo Dhía mar an ccéadna?
14Uimesin do bhéara an Tighearna féin comhartha dhíbh; Féuchaidh, toirrcheothar maighdion, agus béaraidh sí mac, agus goirfidh Immanuel dainm dhe.
15Im agus mil íosuidh sé, chor go madh fios do olc do sheachna, agus maith do thogha.
16Oir suil bhías fhios ag an leanamh olc do dhíultadh, agus maith do thogha, an fearann fhúathuighios sibhsi tréigfighear ó na dhá rígh é.
17¶ Do bhéara an TIGHEARNA ortsa, agus ar do dhaóinibh, agus ar thigh haithreadh, láethe nach dtáinic fós, ón ló ár fhág Ephraim Iúdah; tre rígh na Hassíria.
18Agus tíucfa a ccrích san ló sin, go sméidfidh an TIGHEARNA ar an míoltóig atá ansa chuid is faide amach daibhnibh na Hégipte, agus ar an mbeich atá a ttír na Hassíria.
19Agus tiucfuidh síad, agus coimhneochuid uile annsna gleantaibh uáigneacha, agus a bpollaibh na ccarrag, agus ar a nuile dhosán, agus ar a nuile chraóibh.
20Annsa ló chéadna sín béarrfuidh an Tighearna le scín bhéarrtha thuarusdail, ón táobh thall dabhuinn, le rígh na Hassíria, an ceann, agus fionnadh na ccos: agus lomfuidh a nféasóg mar an ccéadna.
21Agus tiucfa a ccrích annsa ló sin, noilfidh duine mart óg, agus dha chaóirigh;
22Agus tiucfa a ccrích, ar luchmhaire an bhainne do bhéaruid úatha go níosa seision im: óir íosa gach aonduine dá bhfúigfighear annsa dúthaigh im agus mil.
23Agus tiucfa a ccrích annsa ló sin, gach uile áit, a rabhadar míle fíneamhuin ar mhíle píosa airgid, go mbía sé mar dhreasóig agus mar dhosán.
24Le soighdibh agus le boghaibh tiucfaid daóine annsin; do chionn go ttiucfaidh an dúithche uile chum dreasa agus chum dosán.
25Agus ar a nuile chnoc rómharthar le láighe, ní thiucfa ann sin eagla dreas no dosán: acht bía mar áit a ccuirfighear daimh amach, agus a sailteoruigh mionáirnéis.

Currently Selected:

Isaiah 7: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in