YouVersion Logo
Search Icon

Isaiah 6

6
Caibidil VI.
Priomh‐admhail na seraphinigh ar náomhthachd na Trionnoide.
1Annsa bhlíadhain a bhfuáir rígh Ussiah bás do chonairc mé an TIGHEARNA na shuighe a ccathaóir ríogha, go hárd agus ar na thógbháil súas, agus do líonadar a luchd leanamhna an teampall.
2Os a chionn shúas do sheasadar na seraphinigh: do bhí sé scíatháin ar gach aon díobh; le cúpla dfoluigh sé a aghaidh, agus lé cúpla dfoluigh sé a chosa, agus lé cúpla do eitil sé.
3Agus do ghoir aon ar oile, agus a dubhradar, Is náomhtha, náomhtha, náomhtha, TIGHEARNA na slógh: atá an talamh uile líonta da ghlóir.
4Agus do chorruigheadar ursanna an doruis le guth an té do labhair, agus do líonadh an tigh le deatuigh.
5¶ Annsin a dubhairt misi, A mhairg dhamhsa! óir atáim millte; do chionn gur duine do bhéul neamhghlan mé, agus go náitreabhuim a measg daóine bhéul neamhghlan: óir do chonncadar mo shúile an Rígh, TIGHEARNA na slógh.
6Annsin do eitil aon do na seraphinibh chugam, agus sméaróid dhearg iona láimh, noch do bhean sé leis a niolghaibh don naltóir.
7Agus do chuir sé air mo bhéulsa é agus a dubhairt, Féuch, do bheauso red phuisinibh; agus rugadh héaigceart uáit, agus do ghlanadh do pheacuidh.
8¶ Mar an ccéadna do chúalaidh mé gúth an Tighearna, gha rádh, Cía chuirfeas mé uaim, agus cía rachus air ar son? Annsin a dubhairt misi, Atáimse annso; cúir misi uáit.
9Agus a dúbhairt seision, Eirigh, agus innis don phobalsa, Eistigh go deimhin, achd ná tuigidh; agus faicidh go dearbhtha, acht ná mothuighidh.
10Déana croidhe na ndaómesi méith, agus déana a cclúasa trom, agus druid a súile; deagla go bhfaicfidis le na súilibh, agus go ccluintidís lé na cclúasaibh, agus go ttuigfidís lé na ccroidhe, agus go bhfillfidís, agus go mbéidís slán.
11Annsin a dúbhairt misi, a THIGHEARNA, ga fad? Agus do fhreagair seision, Nó go bhfásuighthear na caithreacha gan áitreabhach, agus na tighthe gan fear, agus go mbía an talamh thríd amach na fhásach.
12Agus go náthruigh an TIGHEARNA daóine a nimchían, agus go mbía tréigean mór a lár na críche.
13¶ Gidheadh biáidh deachmhadh ann, agus fillfidh, agus íostar é: mar budh crann teile, agus daruigh, a mbía a mbrígh ionnta, a nuáir theilgid a nduille: marsin an siol náomhtha bhus substaint dó sin.

Currently Selected:

Isaiah 6: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in