YouVersion Logo
Search Icon

Isaiah 2

2
Caibidil II.
Glóir na heagluise ré linn na tiomna nuáidh.
1An focal do chonairc Isaiah mhac Amos a ttaobh Iúdah agus Ierusalem.
2Agus tiucfa a ccrích annsna láethibh deighionacha, go ndaingneochthar slíabh thighe an TIGHEARNA a mullaigh na slíabh, agus go ttóigfear ós cionn na ccnoc é; agus rithfidh a nuile chineadh chuige.
3Agus rachaid mórán do dhaóinibh agus a déaruid, Tigidh uáibh, agus déanom suas go slíabh an TIGHEARNA, go tigh Dé Iácob; agus múinfidh sé dhúinn a shlighthe, agus siubholam iona chasánuibh: óir is amach as Síon rachus an dligheadh, agus focal an TIGHEARNA as Ierusalem.
4Agus breathnochuigh sé a measg na ccineadhach, agus aithbheoruidh mórán do dhaoinibh: agus buailfid a ccloidhmhthe na suic sheisrighe, agus a ngáethe na corranuibh bearrtha: ní thoigfe críoch cloidhiomh súas a naghaidh chriche: agus ni fheghlumfuid cogadh ní as mó.
5O a thigh Iácob, tigidh, agus siubhluighiom a solus an TIGHEARNA.
6¶ Uimesin do thréig tú do phobal, tigh Iácob, do chionn go bhfuihd síad líonta do bhéusuibh a noirthir, agus na luchd fáistine cosmhuil ris na Philistineachaibh, agus go líonuid do chloinn na ccoimhthigheach.
7Atá a ndúithche mar an ccéadna lán dairgiod agus dór, agus ní bhfuil críoch ar a nionnmhus; atá a ndúithche mar an ccéadna lán deachaibh, agus ní bhfuil críoch ar a ccarbaduibh:
8Atá a ndúithche mar an ccéadna lán díodhaluibh; adhruid oibreacha a lámh féin, an ní do rinneadar a méir féin:
9Agus cláonuidh an duine uiriseal síos, agus úmhluigh an duine mór é féin: uimesin ná maith dhóibh.
10¶ Eírigh a steach don charruic, agus foluigh thú féin annsa luáithreadh, ar eagla an TIGHEARNA, agus ar son ghlóire a mhórdhachda.
11Uimhleochthar féachuin árd an duine, agus cromfuighear síos uáill na ndaoine: agus sé an TIGHEARNA amháin áirdeochar an lá sin.
12Oír biáidhTHIGHEARNA na slógh ar gach uile dhuine dá bhfuil úaibhreach árd, agus ar gach áon thógthar súas; agus do bearfuighthear sios é:
13Agus ar uile chédaruibh Lebanon, atá árd agus tógta súas, agus ar uile dhairibh Básan,
14Agus ar na huile shléibhtibh árda, agus ar na huile chnocaibh do hárduigheadh súas,
15Agus ar gach éantor árd, agus ar gach áon bhalla daingean,
16Agus ar loingeas Tharsis uile, agus ar a nuile phictiúr taitneamhach.
17Agus cláonfuighear uáill an duine síos, agus do dhéantar anuáill an duine ísiol: agus sé an TIGHEARNA amháin áirdeochthar an lásin.
18Agus scriosfuidh sé na hiodhail thríd amach.
19Agus rachaidh síad a ccúasuibh na ccarrac, agus a núamhuibh na talmhan ar eagla an TIGHEARNA, agus ar son ghlóire a mhórdhachta, a núair éireochus sé do chrothadh na talmhan go húathbhasách.
20Ann sa ló sin teilgfidh duine a iodhuil airgid, agus a iodhail óir, noch do rinne dhó féin dá nadhradh, chum na mobhladh agus chum na míoltóg leathair;
21Do dhul a scealpuibh na gcarrac, agus a mullaghaibh na gcairgeach ngarbh, ar eagla an TIGHEARNA, agus ar son ghlóire a mhórdhachda, a nuáir éireochus sé do chrothadh na talmhan go húathbhásach.
22Scuiridhsi ón duine agá bhfuil a anal iona pholláiribh: óir cred ionar chóir meas do bheith air?

Currently Selected:

Isaiah 2: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in