YouVersion Logo
Search Icon

Isaiah 1

1
Caibidil I.
Seanmóir ag fúagra leasughadh beatha; ann a bhfuil suim an dlighe agus an tsoisgeil.
1Fis Isaiah mhic Amos, noch do chonnairc sé a ttaobh Iúdah agus Ierusalem a láethibh Ussiah, Iotam, Ahas, agus Heseciah, ríghthe Iúdah.
2Cluinidh, a fhlaitheasa, agus tabhair áisdeachd, a thaluimh: óir do labhair an TIGHEARNA, Do oil mé agus thúg mé suas clann, agus do chathuigheadar am aghaidh.
3Aithnigh an damh an té le ar leis é, agus an tassal mainséur a mhaighisdir: acht ní aithnighionn Israel, ní smuainionn mo phobalsa.
4Ah a chineadh pheacach, pobal trom lé héigceart, síol daóine míghníomhach, clann atá na millteachaibh: do thréigeadar an TIGHEARNA, do bhrostuigheadar an Táon Náomhtha Israel chum feirge, do imthigheadar rompa ar a ccúl.
5¶ Cred as a mbuailfidhe sibh ní sa mhó? fillfidhe nisa mhó agus ní sa mhó: atá an ceann uile tinn, agus an croidhe iomlán lag.
6O bhonn na troighthe go nuige an gceann ní bhfuil sláinte ar bith ann; achd cneadha, agus brúighte, agus créachda lobhtha: níor druideadh, agus níor ceangladh súas, ni mo do bogadh le huinemeint íad.
7 Atá bhur ndúthaigh aonránach, atáid bhur gcaithreacha ar na losgadh le teine: millid coimhthighthidh bhur bhfearann, ionbhur lathair, agus atá sé na fhásach ar na chláoidh lé coimhightheachaibh.
8Agus atá inghean Shión ar na fágbháil amhuil bothan a bhfineamhuin, mar lóistín a ngáirdín chúcumer, mar chathruigh fá mbíath campa.
9Acht muna fhágbhadh TIGHEARNA na slógh ro bheag án fuighill againn, do bheithmís mar Shodom, agus do bheithmís cosmhuil ré Gomorrah.
10¶ Eístigh briathar an TIGHEARNA, a úachtarána Shodoim; tugaidh clúas do dhligheadh ar Ndé, a dhaoine Ghomorrah.
11Cred é tarbha bhur niomad íodhbarthach dhamhsa? do ráidh an TIGHEARNA: atáim lan dofráluibh loisge reitheadh, agus do mhéuthus beathach bíata; agus ní dhúilighim a bhfuil bulóg, nó úan, no ghabhar bhfirionn.
12A nuáir thiocfuidhe da bhur ttaisbéanadh féin dom lathairsi, cía diarr so as bhur lámhuibh, do shaltairt mo chúirte?
13Ná tugaidh ni is mo dofráluibh díomhaóine libh: is adhfhúathmhaireacht damhsa túis; na gealacha núadha agus na sábbóidigh, do ghairm na noireachtus, ní fhéaduim a bhfulang; is égceart é, eadhon an comhchruinniughadh solamonta.
14Dfúathuigh manam bhur ngealacha núadha agus bhur bhféastadha cinnte: is bnáidhreadh dhamh íad; atáim cuirthe niomchar.
15Agus a nuáir leathnuighthe bhur lámha amach, foileochuidh mé mo shúile uáibh: fós, a nuáir do dhéantaói mórán urnaighe, ní éistfidh misi: atáid bhur lámha lán dfuil.
16¶ Ionnluidh sibh féin, glanuidh sibh féin; cuiridh uáibh olc bhur ngníomh as mo radharc; sguiridh do dhéanamh uile;
17Foghlamuigh maith do dhéanamh; íarruigh breitheamhnus, cobhruighidh na boicht, breathnuighidh an dilleachda, tagraidh ar son na baintreabhuigh.
18Tigidh anois, agus déanum réusún re chéile: a deir an TIGHEARNA: mátá go bhfuilid bhur bpeacaidhe amhuil scáirléad, béidh síad coimhgheal ré sneachda; mátá go bhfuilid dearg mar chrimson, béidh síad amhuil olann.
19Má bhíthí umhal agus úrramach, íostaói maith na dúithche:
20Acht má dhiultaoi agus má théighthí a rís a ccogadh, muirfighear leis an ccloidhiomh sibh: óir a dubhairt béul an TIGHEARNA é.
21¶ Ciondus do rinneadh meirdreach don chathruigh chreidmhigh! do bhí sí lán do bhreitheamhnus; do chomhnuigheadh an tionnracus innte; acht a nois na dúnmharbhthuigh.
22Do rinneadh sal dot airgiod, atá thfion cumaisce le huisce:
23 Atáid do phrionnsadha cogthach, agus na ccompanachaibh ag gaduighthibh: is ionmhuin le gach uile dhuine cumha, agus imthighid a ndiáigh na luáigheacht: ní bhreathnuighid an dilleachda, agus ní thig cúis na bamtreabhuigh chuca.
24Uimesin a deir an Tighearna, TIGHEARNA na slógh, Aon cumhachdach Israel, Ah, suáimhneochad mé féin óm easccáirdibh, agus digheolad mé féin ar mo naimhde:
25Agus fillfidh mé mo lámh ortsa, agus glanfa mé go gléaghlan do shalchar uáit, agus bearuidh mé do stán uile asad:
26Agus aisigfe mé do bhreitheamhain mar an ccéad uáir, agus do chomhairleacha amhuil ar ttús: na dhiáigh sin goirfighear dhíot, Cathair a nionnracuis, an chathair fhírinneach.
27Fuáisgeoltar Síon le breitheamhnus, agus an drong fhilleas le fíreantachd.
28¶ Agus biáidh díoth‐laithriughadh na sáruightheach agus na bpeacach a néinfheachd, agus an drong thréigios an TIGHEARNA scriosfuighthear íad.
29Oír biáidh náire orra fa na dairibh díarrabhair, agus muigheochthar sibh fa na gáirdínibh do thoghabhair.
30Oír beithi mar dharuigh ar chríon a duille, agus mar gháirdín ag nach bí uisge.
31Agus biáidh an neartmhar mar bharrach, agus a obair mar dhrithlinn, agus dóighfid aráon a bhfochair a chéile, agus ní mhúchfuidh einneach íad.

Currently Selected:

Isaiah 1: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in