YouVersion Logo
Search Icon

Neabhruidheach 1

1
Caibidil I
Go bfuil Iósa Críosd ineísdeachd ris; ar dhó bheith oscionn ná bfagh agus na naingeal.
1Dia, noch do labhair a nallód go minic agus ar mhóghuibh éugsamhla ris na haithreachuibh tres na faidhibh, 2Do labhair sé rinne sna laéthibh deigheanachasa trés an Mac, do órduigh sé na oighre air a niomlán, tré ar chrúthuigh sé fós an dómhan; 3Noch ar mbeith dho na dheallradh glóire, agus na iomháigh fhíre a phearsannsan, agus ag congmháil súas na nuile neitheann ré breithir a chúmhachd féin, ar nglanadh ar bpeacuighne dhó thríd féin, do shuigh sé ar láimh dheis na Mórghachda sna hárduibh; 4Ar mbeith dhó ar na dhéunamh ní sa ro óirrdhearca ná na haingil, ar gur ab oirrdhearca an tainm fuáir sé ná íadsan. 5Oír cía do na hainglibh ré a ndúbhairt sé ríamh, As tú mo Mhac, a niúgh do ghin mé thú? Agus a ris, Biáidh mé um Athair aige, agus biáidh seision na Mhac agumsa? 6Agus a ris, an tan do bheir sé a steach an chéidghin don domhan, a deir sé, Agus tuguid aingil Dé uile onóir dhó. 7Agus a deir sé a dtáobh na naingeal, Do ní sé a theachdaireadha do na sbioraduibh, agus a mhinisdreadha don teine lasarrgha. 8Achd ris an Mac a deir sé, A Dhía, máiridh do chathaóir ríoghasa, go sáoghal na sáoghal: is slat chómhthruim slat do ríoghachdasa. 9Do grádhuigh tú an fhiréuntachd, agus do fhúathuigh tú a néugcóir; uime sin do ung Día, do Dhía féin thú, ré hóla an gháirdeachuis ós cionn do chompánach. 10Agus, As tusa, a Thíghearna, tug fonndameint dhaingean don talamh ó thús: agus a síad na flaitheamhnuis oibreacha do lámh. 11Rachuid síadsan as a gcrúth; achd fanuidh tusa: agus rachuidh uile a gcaitheamh mar éudach; 12Agus fillfighear ar a chéile íad mar bhrát, agus béid siad ar na gcláochlúgh: achd as tusa an neach céudna, agus ní rachuidh críoch ar do bhlíadhnuibh. 13Agus cía do na hainglibh ré a ndúbhairt sé ríamh, Suidh ar mo dheis, nó go gcuiridh mé do naimhde na sdól coa fúd?
14A né nach sbiorada freasduil íad uile, churthar a mach chum miniosdrálachda ar son na druinge gheubhus oighreachd an tslánaighthe?

Currently Selected:

Neabhruidheach 1: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in