YouVersion Logo
Search Icon

Neabhruidheach 2

2
Caibidil II
Ata Críosd fos ion-Umhlughadh dó, 7 bhrígh gur ghabh ar nadur breóite go braithreamhail chuige, 14 mar budh fhéudhmamhail.
1Ar a nadhbharsa as cóir dhúinn aire rodhúthrachdach do thabhairt do na néithibh do chúalamar, deagla a ligthe thrínn dúinn uáir ar bith. 2Oír má bhí an bhríathar do labhradh tres na hainglibh seasmhach, agus má fuáir gach uile choir agus easúmhlachd an lúach sáothair do dhligheadar; 3Cionnas rachmáoidne as, má bhíonn neamhshuim aguinn ann a chomhór so do shlánughadh; noch do tionnsgnamh do sheanmórughadh ar tús ris an Dtíghearna féin, agus do deimhnigheadh dhúinn ris an druing do chúaluidh é; 4Ar mbeith do Dhía ag déunamh coimhfhíadhnuise ríu, maille ré cómharthuibh agus ré hiongantuibh, agus ré súbhailcibh éugsamhla, agus ré tiodhlaicibh an Sbiorad Náoimh, do réir a thola féín? 5Oír ní thug sé do na hainglibh ceannas an tsáogháil atá chum teachda, ar a bhfuilmidne ag labhairt libh. 6Achd do rinne neach a nionad áirighe fíadhnuise, ag rádh; Créd é an duine, go mbeith coimhne agad air? nó mac an duine, go mbíadh dúil agad ann? 7Do rinne tú é feadh sealuid bhig ní sa ísle ná na haingil; do chuir tú coróin ghlóire agus onóir air, agus do chuir tú é ós cionn oibreach do lámh: 8Do chuir tú na huile neithe síos fá na chosuibh. Oir ar gcur na nuile neitheann fáoi dhó, níor fhág sé éinní gan chur fáoi. Gidheadh ní fhaicmíd a nois go fóill na huile neithe fá úmhlachd dó. 9Achd do chímid Iósa, ar bhfágháil choróine glóire agus onóra, noch do rinneadh feadh sealuid bhig ní sa ísle ná na haingil tré fhulang an bháis; ionnas go mblaisfeadh sé tré ghrás Dé bás ar son gach áoin. 10Oír dob iomchubhaidh don tí, ar son a bhfuilid na huile neithe, agus tré a bhfuilid na huile neithe, ar dtabhairt mhorain cloinne dhó chum glóire, ceannurra a slánaighthe do dhéunamh iomlán tré bhuáidhearthuibh. 11Oír an tí náomhus agus an dream do nithear náomhtha is ó aon íad uile: uime sin ní ghabhann adhnáire é fá dhearbhráithribh do ghairm dhíobh, 12Ag rádh, Foillseóchuidh mé hainm dom dhearbhraithribh, molfuidh mé thú maille ré ceól a meadhón na heagluise. 13Agus a ris, Cuirfe mé mo mhuinighin ann. Agus a rís, Féuch misi agus an chlann tug Día dhamh.
14Uime sin ó atá fuil agus feóil ar na roinn ris an gcloinn, do ghabh seision mar an gcéudna a chuid díobh sin chuige; chum an tí agá bhfuil cúmhachd an bháis, éadhon an díabhal, dionnarbadh dhó tré bhás; 15Agus chum sáoirsi do thabhairt don mhéid do bhí feadh a mbeatha tré fhaitcheas an bháis fá chuing dháoirse. 16Oír go deimhin ní hé nadúir na naingeal do ghabh uime; achd a sé nadúir Abraham do ghabh uime. 17Air a nadhbharsin bá cóir dhó bheith cosmhuil ré na dhearbhráithribh sna huile neithibh, ionnus go mbíadh sé trócaireach agus na ardshagart díleas sna neithibh bheanas ré Día, chum an phubail do ghlanadh ó na bpeacaidhibh maille ré na iodhbairt. 18Oír do bhrígh air fhúlaing sé an tan do chuireadh cáthughadh air, is féidir leis cabhair do thábhairt don druing ar a gcurthar cáthughadh.

Currently Selected:

Neabhruidheach 2: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in