YouVersion Logo
Search Icon

Philémoin 1

1
Caibidil I
Impidhe ar Philemoin, maitheamhnas fhior-chriosduighe thabhair dá óglach annsa dioghbhail do dhearnadh.
1Pol, priosúnach Iósa Críosd, agus an dearbhrathair Timoteus chum Philémoín ionmhuin, agus ar bhfear cabhartha, 2Agus chum Apphia ghrádhach, agus chum Archippuis ar gcoimhfhior coguidh, agus chum ne heaglaisi atá ad thigh: 3Grása maille ribh, agus síothcháin, ó Dhía ar Nathair agus ón Dtíghearna Iósa Críosd.
4Beirim buidheachus rém Dhía, ag sior chuimhneadh ortsa um urnuighibh, 5(Do bhrigh go gcluínim iomrádh do ghrádhasa agus an chreidim, atá agad a dtáobh an Tíghearna Iósa, agus a dtáobh na nuile náomh;) 6Ionnus go mbíadh cumann do chreidimh éifeachdach a nadmháil na huile mhaitheasa atá ionnuibh tré Iósa Críosd. 7Oír is mór an gáirdeachas agus an solás atá aguinn an do ghrádhsa, do bhrígh go bhfúaradar innighe na náomh furtachd thríodsa, a dhearbhráthair.
8Uime sin, bíodh gur féidir leam bheith ro dhána a Gcriosd ris an ní atá iomchubhaidh dáithníughadh dhíot. 9Gidheadh cheana tré ghrádh is usa liom impidhe chur ort, ar mbeíth dhamh mar Phól fhoirfe, agus a noir fós um phríosúnach ar son Iósa Críosd. 10Guidhim thu air son mom hic Onesimus, noch do gheinmé a ngéibheanuibh: 11An tí do bhí ar úairibh neamhtharbhach dhuit, achd a nois atá ró-tharbhach dhuitse agus damhsa: 12Noch do chuir mé ar a ais: agus gabhsa chugad é, mar mo chroídhe féin: 13Noch bá mían riumsa a chongmháil um fhochair féin, ionnus go ndéunadh sé miniosdralachd damh a tionadsa, a gcuibhrighibh an tsoisgéil: 14Gidheadh níor áontuigh mé éinní dhéunamh gan do thoilse; ionnus nach bíadh do mhaithse amhuil tré éigean, achd do réir do thola féin. 15As dóigh gur ab uime dimthigh sé ar feadh tamuill, ionnus go nglacfá é go síorruidhe; 16Ní mar shearbhfhoghantuighe feasda, achd ós cionn shearbhfhoghantuighe, na dhearbhráthair ghrádhach, go háirighe dhamhsa, a né nach mo ná sin duitse, sa gcoluinn agus sa Dtíghearna? 17Uime sin má atá cumann eadrad agus misi, gabh chugad é mar mé féin. 18Agus má rinne sé dioghbháil air bith dhuit nó má dhligheann tú éinní dhe, bíodh sé um leithse; 19Misi Pól do sgríobh so rém láimh féin, do bhéur díoluidheachd uáim: bíodh nach abruim riot, go ndlighim thú féin fós ós a cheann sin díot. 20A seadh, a dhearbhráthair, faghuim gáirdeachas uáid sa Dtíghearna: cómhfurtuigh mo chroídhe sa Dtíghearna.
21Do sgríobh mé chugad, ar mbeith dhamh munighneach as húmhlachd, ar mbeith a fheasa agam go ndéuna tú ní sa mhó ná mar a deirim. 22Agus maille ris sin ullmhuigh lóisdín damh: óir atá muinighin agum go bpronnfuighear dhíbh me tré bhur nurnuighíbh.
23Cuiridh Epaphras (mo chómhphriosúnach a Niósa Críosd,) 24Marcus, Airistarchus, Démas, agus Lúcas, mo chómhluchd cábhartha, mbeannachd chugad.
25Grása ar Dtíghearna Iósa Críosd ré bhur sbioruid. Amen.

Currently Selected:

Philémoin 1: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in