YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 9

9
Caibidil IX.
Fuair Naói Beannughadh agus sólas o Dhía. 13 Le comhthar a bhogh uisge. 22 Cionta Cham, agus a smachd.
1Agus do bheannuigh Día Naói agus a mhic, agus a dubhairt riú; Bighi tórrthach, agus iomaduighidh, agus lionaidh an talamh. 2Agus biaidh bhur neagla agus bhur núamhan ar gach uile ainmhidhe ar an ttalamh, agus ar gach uile éun a naiéir, ar gach uile ní da gcorruidheann ar an ttalamh, agus ar iásg na fairge uile; an bhur láimh tugadh íad. 3Gach uile ní béo da ccorruigheann bía na bhíadh dhibhsi; amhuil mar an luibh nglais tug mé dhibh a nuile ni. 4Ach feóil maille ré na hanam, eadhon a fuil, ní iósa sibh. 5Agus go deimhin bhur bhfuil bhur nanma loirgfe misi; asláimh a nuile bheathuigh loirgfe mé í, agus as láimh an duine; as láimh dhearbhrathar gach duine íarfas mé anam an duine. 6Gidh bé dhóirtfeas fuil duine, is lé duine dhóirtfíghear a fhuilsion: óir is a ndeilbh Dé do rinne sé an duine. 7Agus sibhsi, bíghi tórrthach, agus iomaduighidh; geinidh go hiomarcach ar an ttalamh, agus iomaduighidh ann. 8Agus do labhair Día ré Naói, agus ré na mhacaibh maille ris, ag radh: 9Agus misi, feuch, misi dhaingnígheas mo chunnradh ribhsi, agus ré bhur síol bhur ndíaigh; 10Agus ré gach uile chréutuir béo dá bhfuil maille ribh, do néunlaith, do náirnéis, do nuile bheathach ar talamh atá aguibh; ón uile da ndeachuidh amach as an áirc, do nuile bheathach ar talamh. 11Agus daingneochaidh mé mo chunnradh ribh; agus ní sgriosfuighear amach gach uile fheóil ní is mó lé huisgidhibh na dileann; agus ní mó bhias díle ann ni is mó do sgrios na talmhan. 12Agus a dubhairt Día, Ag so comhartha an chunnartha do ním eadram féin agus sibhsi agus gach uile chréatuir beó dá bhfuil maille ribh, a ngeinealachuibh síorruidhe: 13Suighim mo bhogha annsa néull, agus biaidh sé mar chomhartha cunnartha eadrum féin agus an talamh. 14Agus as amhluidh bhías, a nuáir do bhéara mé néull ós cionn na talmhan go bhfaicfighear an bogha ann sa néull. 15Agus cuimhneochaidh mé mo chunnradh, ata éadrum féin agus sibhsi agus gach uile chréatúir béo do nuile fheoil; agus ní thiocfaidh uisgidhe na dílionn do sgrios gach uile fhéola ni as mo. 16Agus bíaidh an bogha annsa néull; agus féuchfa misi air, ionnus go cuimhneocha mé an cunnradh biothbhúan eidir Día agus gach uile chréatúir béo do nuile fheóil dá bhfuil ar an ttalamh. 17Agus a dubhairt Día lé Naói, Ag so comhartha an chunnartha, dhaingnighim eadrum féin agus gach uile fheóil da bfuil ar an ttalamh. 18Agus mic Naói, do chuáidh amach as a náirc, dob íad Sem, Ham, agus Iáphet: agus sé Ham athair Chanáain. 19A síad so tríur mac Naói: agus as úatha do lionadh an domhan uile. 20Agus do thósuigh Naói ar bheith na chríadhaire, agus do phlannduigh gardha fíneamhna. 21Agus do ibh sé do nfhion, agus do bhí sé ar meisge; agus do bhí sé lomnochda a stigh sa phailliun. 22Agus do chonnairc Ham, athair Chanaáin, a athair lomnochd, agus do innis dá dhis dearbhrathar amuigh. 23Agus do ghlach Sem agus Japhet brat, agus do chuireadar ar a nguáillibh aráon é, agus do chuadar a ndiaigh accúil, agus do fholuigheadar lomnochdadh a nathar; agus do bhádar anaighthe ar anais agus ní fhacadar lomnochd a nathar. 24Agus do mhúsguil Naói ó na fhíon, agus do thuig ciodh do rinne a mhac dob óige ris. 25Agus a dubhairt, go madh mallaighe bhías Cánáan; na sheirbhíseach seirbhísigh bhías sé agá dhearbhráithribh. 26Agus a dubhairt; go madh beannuighe TIGHEARNA Día Shem; agus biaidh Cánáan na sheirbhíseach aige. 27Do dhénna Día Iaphet go faireang, agus áiteochaidh sé a bpuiblibh Shem; agus biaidh Canáan na sheirbhíseach aige. 28Agus do mhair Naói déis na díleanna trí chéud blíaghan agus cáogad. 29Agús dob íad laéthe Naói uile, náoi ccéud agus cáogad blíaghan: agus fuair sé bás.

Currently Selected:

Genesis 9: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in