YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 10

10
Caibidil X.
Geinealuigh thriur mhac Naói. 8 Nemrod an céud ri.
1Anois a síad so geinealuigh mhac Naói, Sem, Ham, agus Iaphet: agus rugadh mic dhóibhsin déis na dílionna. 2Mic Iaphet: Gomer, agus Magog, agus Madai, agus Iabhan, agus Túbal, agus Meiseich, agus Tíras. 3Agus mic Ghómer: Ascenas, agus Riphat, agus Togarmah. 4Agus mic Iabháin: Elisah, agus Tarsis, Citim, agus Dodainim. 5Is leó so do roinneadh oiléin na ngenthdheach ann a bhfearannuibh; gach áon do réir a tteangtha, do réir a muinntire, ann a ccinidheachuibh. 6Agus mic Ham: Cus, agus Misraim, agus Phut, agus Canáan. 7Agus mic Chuis: Seba, agus Habhilah, agus Sabtah, agus Ráamah, agus Sabtecha: agus mic Ráamah: Séba agus Dédan. 8Agus do ghein Cus Nimrod; do thosaidh seision bheith na dhuine chumhachdach ar an Talamh. 9Ba mór an fear fiadhuighe é a lathair an TIGHEARNA; uime sin a dubhradh, amhuil Nimrod an sealgaire mór a lathair an TIGHEARNA. 10Agus bá hé tosach a rioghachda Bábel, agus Erech, agus Accad, agus Calneh, a gcrích Shínair. 11As an ttír sin do chuaidh Assur, agus dfóirgnigh Nínibheh, agus an chathair Réhobot, agus Calach. 12Agus Resen idir Nínibheh, agus Calah: is cathair mhór sin. 13Agus do ghein Misraim Ludim, agus Anamim, agus Lehabim, agus Naphtuhim, 14Agus Patrusim, agus Casluhim, (ó a ttáinig Philistim) agus Caphtorim. 15Agus do ghem Canáan Sidon a chéad mhac, agus Het, 16Agus an Jebusiteach, agus an Temoriteach, agus an Girgasiteach, 17Agus an Hibhiteach, agus an Taircíteach, agus an Simteach, 18Agus an Tarbhaditeach, agus an Semariteach, agus an Hamatiteach: agus na dhiaigh sin do leathnuigheadar treabha na Gcanáaniteach amach. 19Agus do bhí téorann na Gcanáaniteach o Shidon, mar thig tú go Gérar, go Gása; mar théid tu go Sodom, agus go Gomorrah, agus Admah, agus Seboim, agus mar sin go Lasa. 20A síad so mic Ham, do reir a ttreabha, do réir a tteangtha, ann a dtiorrthuibh, agus ann a gcinidheachuibh. 21Do Shem mar an cceadna, athair chloinne Eber uile, dearbhrathair laphet an sinsior, rugadh fós dhósan clann. 22Clann Shem: Elam, agus Assur, agus Arphaxad, agus Lud, agus Aram. 23Agus clann Araim; Us, agus Hul, agus Geter, agus Mas. 24Agus do ghein Arphaxad Salah; agus do ghein Salah Eber. 25Agus rugadh días mhac Déber: ainm áoin diobh Peleg; oir as ann a laéthibh do roinneadh an talamh: agus Joctan ainm a dhearbhrathar. 26Agus do ghein Joctan Almodad, agus Seleph, agus Hasarmabhet, agus Jerah, 27Agus Hadoram, agus Usal, agus Diclah. 28Agus Obal, agus Abimael, agus Seba, 29Agus Ophir, agus Habhilah, agus Iobab: dob íad so uile clann Ioctan. 30Agus do bhí a náitreabh ó Mhesa, mar théid tú go Sephar, sliabh don táoibh shoir. 31A síad so mic Shem, do reir a ttreabha, do réir a tteangtha, ann a bfearannuibh, agus do réir a gcinidheach. 32Agus a siad so treabha mac Naói, do réir a ngeinealach, ann a ccinidheachuibh: agus leó so do roinneadh na cinidheacha annsa domhan a ndiaigh na díleann.

Currently Selected:

Genesis 10: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy