YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 11

11
Caibidil XI.
Tor Bhabel. 5 Amhluadh na Tteangtha. 10 Geinealuigh Shem.
1Agus do bhí an domhan uile ar éinteanguidh amháin, agus ar éanchomhradh. 2Agus tarla, ar naistríughadh dhoibh ó naird shoir, go bhfúaradar comhard a ttír Shínáir; agus gur chomhnuigheadar ann sin. 3Agus a dubhradar gach áon ré chéile, Gluáisidh, déunam brícidh, agus loisciom go hiomlan iad. Agus is bríce do bhí aca mar chloich, agus pic thalmhuighe mar mhoirtéar. 4Agus a dubhradar, Gluáisidh, déunam cathair dhuinn féin, agus tor a roitheachuidh a bhárr go neamh; agus déunam ainm dhuinn féin, deagla go spréighfigh sinn ar feadh na talmhan go huilidhe. 5Agus táinic an TIGHEARNA a nshúas dfeachuin na caithreach, agus an tuir do rinneadar clann na ndáoine. 6Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Féuch, is áon an pobal uile, agus is éinteanga atá aca uile; agus do thosuigheadar so do dhéunamh: agus a nóis ni coinneóchar éinni úatha, dar sháoileadar a dhéunamh. 7Ag súd chuguinn, déunnimne síos, agus buaidhrim a teangadh, ionnus nach dtúigfid siad glór a chéile. 8Mar sin do sgáoil an TIGHEARNA ó chéile íad as sin ar feadh na talmhan uile; agus do sguireadar an cathair do thógbháil. 9Is uime sin goirthear Bábel dainm dhi; do chionn gur bhuaidhir an TIGHEARNA annsin teanga an domhuín uile: agus do spréigh an TIGHEARNA as sin íad ar feadh na talmhan uile. 10Ag so geinealach Shém: do bhi Sem céud bliadhain dáois, agus do ghein Arphaxad dhá bhliaghain a ndiaigh na dileann: 11Agus do mhair Sem tar éis Arphaxad go gheineamhuin cúig céud bliaghan, agus do ghein mic agus ingheana. 12Agus do mhair Arphaxad cúig bhliaghna déug ar fhichid, agus do ghein Salah: 13Agus do mhair Arphaxad tar éis Salah do gheineamhuin ceithre chéad agus trí bliaghna, agus do ghein mic agus ingheana. 14Agus do mhair Salah tríochad bhíaghan, agus do ghein Eber: 15Agus do mhair Salah tar éis Eber do gheineamhuin ceithre chéad agus trí bliaghna, agus do ghein mic agus ingheana. 16Agus do mhair Eber ceithre bliaghna agus triochad, agus do ghein Péleg: 17Agus mhair Eber tar éis Péleg do gheineamhuin ceithre chéud bliaghan agus tríochad, agus do ghein mic agus ingheana. 18Agus do mhair Péleg tríochad blíaghan, agus do ghein Réu: 19Agus do mhair Péleg tar éis Réu do gheineamhuin dha chéad agus náoí mbliaghna, agus do ghein mic agus ingheana. 20Agus do mhair Réu tríochad agus dá bhliaghain, agus do ghein Serug: 21Agus do mhair Réu tar éis Sárug do gheineamhuin dha chéud agus seachd mbliaghna, agus do ghein mic agus ingheana. 22Agus do mhair Serug tríochad bliaghan, agus do ghein Nahor: 23Agus do mhair Serug tar éis Nahor do gheineamhuin dha chéud blíaghan agus do ghein mic agus ingheana. 24Agus do mhair Nahor naoí mbliaghna fichiod, agus do ghein Térah: 25Agus do mhair Nahor tar éis Térah do gheineamhuin ceud agus naoí mblíaghna déug, agus do ghein mic agus ingheana. 26Agus do mhair Térah seachdmhodhad blíaghan, agus do ghein Abram, Nahor, agus Háran. 27Anois a síad so geinealuigh Thérah: do ghein Térah Abram, Nahor, agus Háran; agus do ghein Háran Lot. 28Agus do éug Háran roimhe a athair, Terah ann a thír dhúthaigh féin ann Ur na Gcaldéanach. 29Agus tug Abram agus Nahor mná chuctha: ainm mhná Abram Sárai; agus ainm mhná Nahor Milcah, inghin Háran athair Mhilcah, agus athair Iscah. 30Ach do bhí Sarai aimrid; ni raibh clann ar bith aice. 31Agus do ghlac Térah Abram a mhac, agus Lot mac Hárain mac a mhic, agus a bhainchlíamhuin Sárai, bean a mhic Abram; agus do chúadar amach leó ó Ur na Gcaldeanach, do dhul go tír Chanaáin; agus tangadar go Háran, agus daithreabhuigheadar ann sin. 32Agus do biad laethe Térah dhá chéud agus cúig bhliaghna, agus do éng Térah ann Háran.

Currently Selected:

Genesis 11: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy