YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 12

12
Caibidil XII.
Goifear Abram. 10 Dochuaidh as Canaan don Egipt. 11 Shéun a bheun tré éagat.
1Anois a dubhairt an TIGHEARNA ré Abram, Eirigh romhad as do thír, agus ód gháol, agus ó thigh hathar, go fearann thaisbenfus misi dhuit: 2Agus do dhéuna mé cineadh mór dhíot, agus beannóchuidh mé thú, agus do dheuna mé hainm mór; agus biaidh tú ad bheannughadh: 3Agus beannóchuidh mé an mhéid bheannochus thú, agus mailleochuidh mé an té mhailleochas thú: is ionnadsa bheannóchar treabha an domhuin uile. 4Mar sin do imthigh Abram, mar a dubhairt an TIGHEARNA ris: agus do chuáidh Lot leis: agus do bhí Abram seachdmhoghad agus cúig bhlíaghna dáois a nuáir do imthigh se as Háran. 5Agus rug Abram Sarai a bhean, agus Lot mac a dhearbhrathar, agus a substaint uile noch do chruinnigheadar, agus na hanmanna fúaradar ann Háran: agus do chúadar amach do dhul go tir Chanaáin; agus tangadar go tir Chanaáin. 6Agus do ghluais Abram thríd an bhfearann go háit Shichem, go reidhteach Moreh. Agus do bhí an Canaaníteach ann tan sin san bhfearann. 7Agus do fhoillsigh an TIGHEARNA é féin do Abram agus a dubhairt, Is dod shiolsa do bheara mean duthaidhsi: agus ann sin do rinne sé altóir don TIGHEARNA, noch do thaisbein é féin dó. 8Agus do athruigh sé as sin go slíabh táobh shoir do Bhétel, agus do shuidhigh a phailliún, ar mbheith do Bhetel don táobh shíar dhe, agus Hái don táoibh shoir: agus do rinne altóir annsin don TIGHEARNA; agus do ghoir ar ainm an TIGHEARNA. 9Agus do aistrigh Abram, ag dul ar aghuidh a gcomhnuidhe don táobh ó dheas. 10Agus do bhí gorta ann sa tir: agus do chúaidh Abram síos don Egipt do chomhnúighe ann sin; óir do bhí an ghorta doilgheasach sa talamh. 11Agus tárla, a nuáir do bhi sé ar teachd a bhfogus do dhul a steach don Egipt, go ndubhairt sé re Sárai a bhean, Féuch annois, as aithne dhamhsa go bhfúil tusa ad mhnáoi sgiamhaidh ré féachúin ort: 12Uime sin teigeomhaidh, nuáir do chífid na Hégiptigh thú, go naibeorúid síad, A sí so a bhean; agus múirfid misí, agus coimhneochúid thusa beó. 13Gúidhim thú, abair gur tú mo dheirbhshiur; chor go mbeithear go maith ar do shonsa leam; agus go mairfidh manam ar do shonsa. 14Agus tárla, a nuáir tháinic Abram don Egipt, do choncadar na Hégiptigh an bhean go raibh si rosgiamhach. 15Do choncadar mar an ccéadna prionnsuidhe Phárao í, agus do mholadar í a lathair Phárao: agus rugadh an bhean a steach go tigh Phárao. 16Agus do bhi Phárao go maith ré Abram air a son: agus do bhádar cáoirigh aige, agus daimh agus ásail, agus seirbhisigh fhear agus seirbhisigh ban, agus banassail, agus cámhúill. 17Agus do phláigh an TIGHEARNA Phárao agus a thigh lé plághúibh móra ar son Shárai bean Abram. 18Agus do ghoir Phárao Abram, agus a dubhairt, Créad é so do rinne tú oram: créd nár innis tú dhamh gur bhí do bhean í? 19Créd fá ndubhairt tú, a sí mo dhearbhshíur í? mar sin do fhéadfuinnse a tabhairt mar mhnáoi; úime sin a nois féuch do bhean, gabh chugad í, agus imthigh romhad. 20Agus tug Phárao áithne dhá mhuinntir dhá táoibh: agus do chuireadar ar siubhal, é féin agus a bhean agus a nuile ní do bhí aige.

Currently Selected:

Genesis 12: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy