YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 13

13
Caibidil XIII.
Do fhág Abram an Egipt. 7 Dealaigh se re Lot. 14 Do athnúaigh Día gealladh uma shliochd.
1Agus do chuaidh Abram súas as an Egipt, é fein agus a bhean, agus a nuile ni do bhí aige, agus Lot maille ris, gus an árd andeas. 2Agus do bhí Abram ro shaidhbhir a náirnéis, a nairgead, agus a nór. 3Agus do imthigh ar aghaidh, ann a aistribh ón táobh ó dheas eadhon go Betel, gus an áit a raibh a pháilliún ar tús, eidir Betel agus Hái. 4Go háit na haltóra, do rinne sé ann sin ar ttús: agus do ghoir Abram ann sin ar ainm an TIGHEARNA. 5Agus Lot mar an ccéadna, do chuáidh le Abram, do bhádur tréuda, agus áirighe, agus páilliúin aige. 6Agus ní tháinic do nfearann a niom chur, ionnus go náitreobhaidís a bhfochair a chéile: óir do bhí a substaint cómhmór sin, nár bhféidir leó comhnuighe a náonáit. 7Agus do bhí imreasan eidir áodhairibh áirnéisi Abram, agus áodhairibh áirnéisi Lot: agus do áitreabhadar na Canáanitigh, agus na Perisitigh an tan sin ann sa duthaigh. 8Agus a dubhairt Abram ré Lot, Guidhim thú, na bíodh ceannairge ar bith eadrumsa agus tusa, nó idir máodhairibh agus tháodhairibh: óir is dearbhráithre sinn. 9Nach bfuil an duthaigh uile romhad? guídhim thú, dealuigh thu fein riomsa: ma áil leat gabh don láimh chle, ann sin geabha misi don láimh dheis: nó ma théid tú don láimh dheis, ann sin racha misi don láimh chlé. 10Agus do thóg Lot a shuile súas, agus do chonnairc réiteach Jordan uile, go raibh uisge go maith an gach éun taobh, suil do scrios an TIGHEARNA Sodom agus Gomorrah, eadhon amhuil gáirdin TIGHEARNA, cosmhuil re talamh na Héigipte, mar thig tú go Soar: 11Ann sin do thogh Lot dó féin réiteach Jordáin uile; agus do aistrigh Lot, soir: agus do dhealuigheadar iad féin gach áon, o chéile. 12Do chomhnuigh Abram a ttir Chanáain, agus do chomhnuigh Lot a ccaithreachaibh an reitigh, agus do shuidhigh a phaillíun leath re Sodom. 13Ach do bhádar, dáoine Shodom go holc, agus na bpeacachuibh a bhfiaghnuisi an TIGHEARNA go hiomurcach. 14Agus do ráidh an TIGHEARNA ré Abram, tar éis Lot dimtheachd uadh, Tóg súas a nois do shúile, agus féuch ón áit a bhfuil tú do thuaigh, agus do dheas, soir agus siar: 15Oír an fearann uile do chí tú, do bheur misi dhuit é, agus dot shíol go bráth. 16Agus do dheana mé do shíol amhuil luaithreadh na talmhan: iondus madh fhéudan neach luaithreadh na talmhan dáireamh, annsin aireomhthar do shíolsa mar an gceadna. 17Eírigh, siubhail ar feadh an fhearuinn ann a fhad agus ann a leithead; óir do bhéura misi dhuit é. 18Ann sin do athruigh Abram a pháilliún, agus táinic agus do chómhnuigh á reiteach Mhamre, noch atá ann Ebron, agus do chuir súas annsin altóir don TIGHEARNA.

Currently Selected:

Genesis 13: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy