YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 14

14
Caibidil XIV.
Lot a mbraighdionnas, saorfar le Habram é. 18 Noch bheannúigthear ré Melchisedec.
1Agus tarla a laéthibh Amraphel rí Sinair, Arioch rí Ellasar, Chedarlaomer ri Elamh, agus Tidal rí na gcineadhach: 2Go ndearnadar so cogadh ré Bera rí Sodom, agus ré Birsah rí Gomorrah, Sinab rí Admah, agus Semeber rí Seboiim, agus ré rí Belah eadhon Soar. 3Do iadhadurso uile re chéile a ngleann Siddim, noch ar bé an fhairge shaillte. 4Da bhliadhain deúg do bhádur ag seir bhis do Chedorlaomer, agus ar an treas bliadhain déug do chogadur na naghuidh. 5Agus annsa ceathramhadh Bliadhain déug tainic Chedorlaomer, agus na righthe do bhí na fhochair, agus do bhuáileadur na Rephamigh an Asterot Carnaim, agus na Susimigh ann Ham, agus na Hemimigh an Sabheh Ciriataim, 6Agus na Hoiritigh ann a sliabh Seir, go nuige Elparan, noch ata laimh ris an bhfásach. 7Agus do fhilleadar, agus tangadar go henmispat, eadhon Cádes, agus do bhuáileadur crioch na Namaleciteach uile, agus mar sin na Hamoritigh, do aitreabhuigh Haseson-tamar. 8Agus do chuaidh amach ann sin righ Sodom, agus righ Gomorrah, agus righ Admaih, agus righ Seboiim, agus righ Béla eadhon Soar; agus dfhearadar cath ríu a ngleann Siddim. 9Re Chedorlaomer rígh Elam, agus re Tidal rígh na gcineadhach, agus Amraphel rí Sináir, agus Harioch rígh Ellasar; ceithre righthe ré cúig. 10Agus do bhí gleann Siddim lán do lóguibh pice talmhuidhe; agus do theithrigh Sodom agus Gomorrah, agus do thuiteadur ionta sin; agus an mhéid do mhair do theitheadar fán tsliábh. 11Agus rugadur léo maitheas Shodom agus Ghomorrah uile, agus a mbíadh uile, agus do imthigheadar rompa. 12Agus do ghabhadur Lot, mac dearbhrathar Abram, noch do áitreabh a Sodom, agus a mháoin, agus do imthigheadur. 13Agus táinig áon do chuáidh as, águs dinnis do Abram an teabhruidheach; óir do áitribh sé a réiteach Mhamre, an Tamoriteach, dearbhrathair Escoil, agus dearbhrathair Aner: agus do bhádur so a ccomhcheangal re Abram. 14Agus a nuair do chúaluidh Abram go raibh a dhearbhrathair gabhtha na phriosúnach, do ármhuigh se a sherbhísigh soighdiurtha rugadh ann a thigh féin, trí chéud agus ochd bhfir dhéug, agus do thóruigh iadsan go Dan. 15Agus do roinn é féin na naghaidh, é féin agus a sherbhísigh sa noidhche, agus do bhuail iád, agus do lean orra go Hoba, atá ar an laimh chlé do Dhamascus. 16Agus tug na creacha uile ar a nais, agus fós tug ar ais a dhearbhrathair Lot, agus a mhaitheas, agus na mná fós, agus na dáoine. 17Agus do chuaidh rígh Sodom amach na choinne tar éis filledh ó mharbhadh Chedorlaomer, agus na righthe do bhí na fhochair, an gleann Sabheh, eadhon gleann an rígh. 18Agus tug Melchisedec righ Sálem amach arán agus fión; agus do bé sagart an Dé ro áird é. 19Agus do bheannuigh sé é, agus a dubhairt, Biodh Abram beánnuighe on Día as ro áirde, sealbhuighe neimhe agus talmhan: 20Agus go madh beannuighe an Día as ro áirde, noch do thoirbhir do naimhde ann do láimh: agus tug se deachmhadh a nuile neithe dhó. 21Agus a dubhairt righ Sodom ré Habram, Tabhair dhamhsa na pearsanna, agus glac an mháoin dhuit féin. 22Agus a dubhairt Abram ré righ Shodom, Do thóg mé súas mo lámh chum an TIGHEARNA, an Día as ro áirde séalbhuighe neimhe agus talmhan. 23Nach glacfaidh misi ó shnáithe go héille bróige, agus nach nglacfa mé einní is leachdsa, deagla go naibéorthá, do rinne mé Abram saidhbhir: 24Achd amháin a nduadur na hogánuigh, agus cuid ronna na muinntire do chuáidh liom, Aner, Escol, agus Mamre; glacaidis sin a ccuid ronna.

Currently Selected:

Genesis 14: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in