YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 15

15
Caibidil XV.
Rinn Día cunnradh re Habram, ag daingniughadh a ghallamhna dhó, adtimchiol a Shliochd do bheith lionmhur.
1Andiaigh na neitheannso táinig briathar an TIGHEARNA chum Abram a dtaisbeanadh, ag rádh, Ná himeagluidh a Abram: is misi do scíath, agus do luáidheachd romhór. 2Agus a dubhairt Abram, A TIGHEARNA Día, cread do bhéura tú dhamh, ó táim ag imtheachd gan chloinn, agus gurob é ann Telieser so ó Dhamascus feamanach mo thighe? 3Agus a dubhairt Abram, Féuch, ní thug tú síol ar bith dhamh; agus féuch, áon rugadh ann mo thigh, asé is oighre oram. 4Agus, féuch, táinig bríathar an TIGHEARNA chúige, dá rádh, Ní hé so bhus oighre ort; achd an té thiocfus amach as tinnibh féin bhus oíghre ort. 5Agus tug leis amach é, agus a dubhairt, Féuch annois air neamh, áirimh na réulta, más éidir leachd a náireamh: agus a dubhairt sé ris; as marso bhías do shíol. 6Agus do chreid seision ann sa TIGHEARNA; agus do mheas sé sin dó na fhiréuntachd. 7Agus a dubhairt sé ris, As misi an TIGHEARNA tug amach thú as Urna gealdéanach, do thabhairt na tírese dhuit, chum a beith na hoighreachd agad. 8Agus a dubhairt sesion, A Thighearna Dia, cionnus bhías a fhios agam go madh oighreachd dhamh í? 9Agus a dubhairt ris, Glac dhamhsa colpach thrí mblíadhan daóis, agus gabhar baineann thri mblíadhan dáois, agus reithe thrí mbliadhan dáois, agus turtair agus colum óg. 10Agus do ghlac sé iadso uile chuige, agus do rann se ann a lár iád, agus do chuir gach áon phíosa as coinne a chéile: ach nior roinn sé na héin. 11Agus a nuáir tangadar a nénlaithe a nshúas ar na conablachoibh, do dhíbir Abram íad. 12Agus a nuáir do bhí an ghrian ag dul faoi, do thuit codladh trom ar Abram, agus, féuch, do thuit úathbhás dorchaduis mhóir air. 13Agus a dubhairt ré Abram, Bíodh a fhios agad go dearbhtha go mbiáidh do shiol na coimhightheacha a ndúthaigh nach léo féin, agus do dhéanuid seirbhis dóibh; agus go mbéid a ndáoirse aca ceithre chead blíaghan; 14Agus mar an gceadna an cineadhsin, dá ndéanuid serbhís, béuradsa breath orra: agus na dhiáigh sin tiocfaid amach maille re máoin mhóir. 15Agus rachuidh tusa chum haithreach a síothchain; agus adhlocthar thú a naóis fhoirfe mhaith. 16Ach san cheathramhadh geinealach tiocfaid siad annso a rís; óir ní bhfuil éigceart na Namoriteach iomlán fós. 17Agus tárla, a nuáir do chuáidh an ghrían fáoi, agus go raibh dorcha, féuch fuirnis dheatcha, agus tóirsile theinidh, noch do imthigh thríd na codchuibh sin. 18Annsa ló cheudna sin do rinne an TIGHEARNA cuimradh ré Abram, dhá rádh; Dot shíolsa thug mé an tírsi, ó abhuinn na Héigipte go nuige an sruth mór, sruth Euphrátes: 19Na Cinetigh, agus na Cineisitigh, agus na Cadmonitígh. 20Agus na Hititigh, agus na Perisitigh, agus na Rephamitigh. 21Agus na Hamoritigh, agus na Canaanitigh, agus na Girgasitigh, agus na Iebusitigh.

Currently Selected:

Genesis 15: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in