YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 16

16
Caibidil XVI.
An tan thoircheadh Hágar méaduighe a hardan; 6 cuirfear amach í. 19 Do Ghéill sí, 15 Agus rug Ismael.
1Anois, ní rug Sáraí bean Abram clann ar bith dhó: agus do bhí innilt Egipteach aice, dar bainm Hágar. 2Agus a dubhairt Sárai ré Abram, Féuch a nois, do thoirmisg an TIGHEARNA misi ó bhreith: iarruim ort, teigh a steach chum minnilte; dob éidir go bhfuighinn clann da táoibh. Agus tug Abram aire do ghlór Shárai. 3Agus do ghlac Sáraí bean Abram Hágar a hinnilt an Tégipteach, a ndiáigh Abram dáitreabh deich mbliadhna a ttír Chanáain, agus tug sí dá fear Abram í do bheith na mnáoi aige. 4Agus do bhí sé ag Hágar, agus do thorcheadh í, agus a nuair do chonnairc sí go raibh sí torrach, do bhí a maighistreás tarcuisneach na radharc. 5Agus a dubhairt Sárai ré Abram, Bíodh méugcóir ortsa: tug mé mo chailín ad uchd; agus a nuáir do chonnairc sí go raibh torrach, do bhí mísi tarcuisneach na radharc: go ndéuna Día breitheamhnus eadrumsa agus tusa. 6Achd a dubhairt Abram ré Sárai, Féuch, ata do chailín ad láimh féin; déuna ría mar do chithear dhuit: agus a nuáir do mhasluigh Sárai í, do theith sí as a fiaghnuisi. 7Agus fuáir aingeal an TIGHEARNA í láimh ré tobar uisge, san bhfásach, laimh ris an ttobar ar an tslighe go Súr. 8Agus a dubhairt sé, A Hágar, a chailín Shárai, cia as a ttáinig tú? agus cáit a ttéid tú? Agus a dubhairt sísi, Atáim ag leitheamh ó radharc mo mhaighistreás Sárai. 9Agus do ráidh aingeal an TIGHEARNA ría, Fill ar do mhaighistreás, agus umhluigh thú féin fa na lámhuibh. 10Agus a dubhairt aingeal an TIGHEARNA ria, Méidiochuidh mé do shíol, go hiomarcach, nach budh féidir a aireamh ar iomadamhlachd. 11Agus a dubhairt aingeal an TIGHEARNA ría, Féuch, atá tú torrach, agus béura tú mac, agus do bhéura tú Ismael dainm air: do chionn go ccúala an TIGHEARNA do bhuaidhreadh. 12Agus biaidh sé na dhuine fhiadhta; biáidh a lámh a naghuidh gach áonduine, agus lámh gach áonduine na aghuidh: agus coimhneochuidh sé a lathair a dhearbhrathar uile. 13Agus do ghoir síainm an TIGHEARNA do labhair ría, Thusa a Dhé do chí mé: óir a dubhairt sí, Nar fhéuch misi mar an ccéudna annso a ndiáigh an té do chí mé? 14Uimé sin do goireadh don tobar Beerlahai-roi; féuch, atá sé idir Chades agus Béred. 15Agus rug Hágar mac do Abram: agus do ghoir Abram Ismael mar ainm dá mhac rug Hágar. 16Agus do bhí Abram ceithre fichid agus sé bliadhna dáois, a nuáir rug Hágar Ismael dó Abram.

Currently Selected:

Genesis 16: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in