YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 17

17
Caibidil XVII.
Ar claochlodh ainme Abram agus Sharai. 9 Orduighthear an Tímchillghearradh, agus 16 geallfar mac dAbraham tríd Sharah.
1Agus a nuáir do bhí Abram nóchad agus náoi mbliadhna dáois, do thaisbéin an TIGHEARNA é féin do Abram, agus a dubhairt ris, Is misi an Día uile chumhachdach; siubhuil am fhiadnuise agus bí diongmhalta. 2Agus do dhéuna mé mo chunnradh eadrum agus tú, agus méideochuidh mé thú go hanmhór. 3Agus do thuit Abram ar aghúidh: agus do chomhráidh Día ris, dá rádh, 4Ar mo shonsa, féuch, atá mo chunnradh riot, agus biáidh tú a tathair mhóráin cinidheach. 5Agus ní Hábram bhus ainm ort ó so amach, ach budh é hainm Abraham; óir ad tathair mhoráin do chinidheachuibh do rinne mé thú. 6Agus do dhéuna mé ro thórthach thú, agus do dhéuna mé cinidheacha dhíot, agus tiocfaid ríghthe asad amach. 7Agus daingneochuidh mé mo chunnradh eadrum féin agus tú agus eadrum féin agus do shíol ad dhiaigh ann a ngeinealachuibhsin mar chunnrad siorruidhe, do bheith am Dhía dhuitse, agus dot shíol ad dhiáigh. 8Agus do bhéura mé dhuitsi, agus dot shíol ad dhiáigh an fearann ann a bhfuil tu ar cuairt, tir Chanaáin, uile, mar sheilbh shíorruidhe; agus biaidh mé mar Dhía aca. 9A dubhairt Día ré Hábraham, Coimhéudfuidh tú mo chunnradh ar a nadhbharsin, thú féin, agus do shíol ad dhiáigh ann a ngeinealachuibh. 10A sé so mo chunnradh, noch chomhallfuidhigh eadrumsa agus sibhse, agus do shíol ad dhiaigh; Gach uile ghein mhic bhur measg biaidh sé timchillghéarrtha. 11Agus timchillgearrfaid feóil bhur réumhchroicinn; agus biaidh sin mar chomhartha an chunnartha eadrumsa agus sibhse. 12Agus an mac bhías ochd la dáois eadruibh timchiollghearrfar é, gach uile ghein mhic ann bhur ngeinealachuibh, an té bhéarthar annsa tigh, no cheannochar ar airgead ó choimhithigheach ar bith, nach bfuil dot shíolsa. 13An té rugadh ann do thigh, agus an té ceannchadh ar hairgead, is éigin a mbeith timchillghearrtha: agus biáidh mo chunnradh ann bhur bhfeóil mar chunradh síorruidhe. 14Agus an lenamh mic gan timchillghearradh gá mbía feóil a réumhchroicinn gan timchillghearradh, gearrfuidhear an tanam sin amach ón a phobal: do bhris sé mo chunnradh. 15Agus a dubhairt Día ré Hábraham, Ar son Shárai do mhná ní ghoirfe tú Sárai dhí, ach Sárah bhías dainm uirre. 16Agus beanneochuidh misi í, agus do bhéura mé mac dhuitsi uaithe: fós beanneochuidh mé í, agus biáidh sí na mathair chineadhach; tiucfuidh righthe cineadhach uaithe. 17An sin do thuit Abraham ar aghuidh; agus do rinne gáire, agus a dubhairt ann a chroidhe, An mbéurthar mac don ti atá a ccionn a chéud blíadhan dáois agus Sárah atá nóchad blíaghan dáois, an mbhéura sí? 18Agus a dubhairt Abraham ré Día, Do bfearr líom go maireadh Ismael ad fhiadhnuisi! 19Agus a dubhairt Dia, Béuruidh do bhean Sárah mac dá ríribh dhuit; agus ghoirfe tú Isaac dainm dhe, agus daingneochaidh misi mo chunnradh ris na chunnradh shíorruidhe, agus ré na shíol na dhiáigh. 20Agus ar son Ismael, do chúala mé thú: Féuch, do bheannuigh mé é, agus do dhéuna mé síolmhar é, agus oirlíonfad go hiomarcach é; dhá phrionnsa dhéug gheinfeas sé, agus do dhéuna mé cineadh mór dhe. 21Ach mo chunnradh daingneochuidh mé ré Hísaac noch bhéuras Sárah dhuitsi annsa nuáir chinntesi, annsa bhliadhuinsi chúguinn. 22Agus do scuir do bheith ag caint ris, agus do chuáidh Día súas ó Abraham. 23Agus do ghlac Abraham a mhac Ismael, agus gach a rugadh ann a thigh, agus gach ar ceannchadh ar a chuid airgid, gach uile fhirionnach a measg dháoine thighe Abraham; agus do thimchillghearr feóil a réumhchroicinn annsa ló sin féin, mar a dubhairt Día ris. 24Agus do bhí Abraham nóchad agus náoi mbliadhna dáois a nuáir do timchillghearradh é a bhfeóil a réumhchroicinn. 25Agus do bhí Ismael a mhac tri bliadhna déug dáois, a nuair do timchillghearradh é a bhfeóil a réumhchroicinn. 26Ann sa ló chéudna do timchillghearradh Abraham agus a mhac Ismael. 27Agus a nuile fhear ann a thigh, rugadh sa tigh, agus do cheannchadh ar airgead ón choimhightheach, do timchillghearradh iad maille ris.

Currently Selected:

Genesis 17: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in