Genesis 27
27
Caibidil XXVII.
Fuair Iacob priomhbheannachd a athar tre chomhair le amhathar. 41 Ar sin dfuathuigh Esau, Iacob. 43 Ach tug a mhathair fa deara air, teicheadh.
1Agus tárla, a núair do bhí Isaac foirfe, agus do rabhadur a shuile dorcha, ionnus nach bhfaiceadh sé, do ghoir se Esau a mhac budh shine, agus a dubhairt ris, A mhic: agus a dubhairt seision ris, Féuch, atáim annso. 2Agus a dubhairt sé, Féuch, a nois atáimsi aosta, ní bhfuil fios láoi mo bháis agam. 3Guidhim thú anois ar an adhbhur sin, glac hairm, do bholgán, agus do bhogha, agus eírigh fan mhagh amach, agus fagh fiadhach dhamhsa. 4Agus deúna bíadh sóbhlasda dhamh don tsórt as ionmhuin Leam, agus tabhair chugam é go nithinn é, ionnus go mbeinneóchadh manam thu suil do gheabhuinn bas. 5Agus do chúalaidh Rebecah a nuair do labháir Isaac ré na mhac Esau, agus do chuaidh Esau fan magh dfíadhach, agus dá thabhairt leis. 6Agus do labhair Rebecah ré Iacob a mac, ag radh, Féuch, do chúaluidh mé hathair ag labhairt ré Hésau do dhearbhrathair, ag rádh, 7Tabhair fíadhach chugam, agus deana bíadh sóbhlasda dhamh, go nithinn, agus go mbeannuighinn thú a lathair an TIGHEARNA, roimh mo bhás. 8A nois uime sin, a mhic, éist rem ghlórsa, do réir an neithe aithéonus mé dhíot. 9Eirigh a nois gus an tréad, agus tabhair chugamsa as sin dhá mhionnán maithe óna gabhruibh; agus do dhéana misi íad na mbíadh shóbhlasta dod athair, amhuil as ionmhuin leis: 10Agus béuraidh tusa é chum hathar, chor go níosuidh sé, agus go mhbeinneochuidh thú suil do gheabhus sé bás. 11Agus a dubhairt Iácob re Rebecah a mhathair, Féuch, atá Esau mo dhearbhrathair na dhuine chlumhach, agus atáimsi am dhuine mhin: 12Do bféidir go moithéochadh máthair mé, agus go measfudh mé mar mhealltóir; agus go ttiubhrainn mallachd oram féin, a nait na beannachda. 13Agus a dubhairt a mhathair ris, Biodh do mhallughadh orumsa a mhic: amhain umhluigh dom ghlór, agus éirigh, agus tabhair leachd chugam iad. 14Agus do imthigh seision, agus tug leis chum a mhathar iad: agus do rinne a mhathair bíadh sóbhlasta, amhuil dob ionmhuin le na athair. 15Agus do ghlac Rebecah culaidh thaitneamhach déaduighibh Esau a mic budh siné, noch do bhí aice sa tigh, agus do chuir e ar Iácob a mac dob óige: 16Agus do chuir sí croicne mheannán na ngabhar ar a lámhuibh agus ar mhín a mhuinéil: 17Agus tug an bíadh milis, agus an tarán do ghléus sí, a laimh a mic Iácob. 18Agus táinig sé chum a athar, agus a dubhairt, A athair; agus á dubhairt seision, Ataim annso, cía thusa a mhic? 19Agus a dubhairt Iácob re na athair, Misi Esau do chéadmhac; do rinne me mar a dubhairt tú rium: éirigh, guidhim thú, suigh, agus ith dom sheilg, go mbeannuighe hanam mé. 20Agus a dubhairt Isaac ré na mhac, Cionnus fuair tú comhluath agus sin é, a mhic? agus a dubhairt seision, Do chionn go ttug an THIGHEARNA do Dhíase dhamh é. 21Agus a dubhairt Isaac ré Iacob, Guidhim thú tarr láimh riom, go nglacuinn thú a mhic, an tú dháríribh mo mhac Esau, nó nach tú. 22Agus do dhruid Iácob láimh ré na athair Isaac; agus do spín seision é, agus a dubhairt, A sé do ghuth guth Iacob, ach na lámha asíad lámha Esau íad. 23Agus níor aithin é, mar do bhádur a lámha clumhach, mar lámhuibh a dhearbhrathair Esau: agus mar sin do bheannuighe é. 24Agus a dubhairt, An tú mo mhac Esau dhá ríribh? Agus a dubhairt seision, As mé. 25Agus a dubhairt sé, Tabhair láimh rium é, agus iosuidh mé dfíadhach mo mhic, go mbeannuighe manam thú. Agus tug na chomhghar é, agus a dúaigh: agus tug fíon chuige agus do ibh sé. 26Agus a dubhairt a athair Isaac ris, Tárr chugam a mhic, agus póg mé a mhic. 27Agus táinic chuige, agus do phóg é: aus do bholtnuigh baladh éaduigh, agus do bheannuigh é, agus a dubhairt, Féuch, atá baladh mo mhic mar bhaladh mhuighe do bheannuigh an TIGHEARNA. 28Uime sin go ttugaidh Día dhuit do dhrúchd nimhe, agus do shult na talmhan, agus iomad arbha agus fíona: 29Go ndéana puibleacha seirbhís duit, agus go numhluighe cinidheacha síos duit; bi ad thighearna ós cionn do dhearbhráithreach, agus umhluidís mic do mhathar dhuit: go má malluighe gach áon mhailleóchus tú, agus go ma beannuighe an té bheinneóchus tú. 30Agus tárla, mar as lúaithe do chuír Isaac crioch ar bheannughadh Iacob, agus nach mór go rainig Iácob fós as fiadhnuisi Isaac a athar, an tan tháinig Esau a dhearbhrathair on fhíadhach. 31Agus do rinne bíadh blasda mar an cceadna, agus tug chum a athar é, agus a dubhairt re na athair, Eirghiodh máthair, agus itheadh do sheilg a mhic, chor go mbeinneóchuidh hanam mé. 32Agus a dubhairt Isaac a athair rís, Cía thusa? agus a dubhairt seision, As misi do mhac, do chéidghin Esau. 33Agus do chriothnuigh Isaac do chrith úathbhásac, agus a dubhairt, Cía he, cáit á bhfuil an té do rinne fíadhach, agus tug chugamsa é, agus a dúaigh mé da gach éinmi, suil tháinic tusa, agus do bheannuigh mé é? agus fos, bíaidh beannuighe. 34Agus a núair do chualaidh Esau bríathra á athar, do éigh maille ré gárrthuibh móra searbha, agus a dubhairt ré na athair, Beannuigh misi, eadhon misi mar an ccéadna, ó a athair. 35Agus a dubhairt seision, Tháinic do dhearbhrathair le ceilg, agus rug leis do bheannachd. 36Agus a dubhairt seision, Nach cóir tugadh Iácob dainm air? óir tháinic sé fúimse an dá uáirsi: rug sé uáim mo cheart beirthe: agus a nois, féuch, rug sé mo bheannughadh uáim: agus a dubhairt sé, A neadh nár choimhead tú beannughadh dhamsa? 37Agus do fhreagair Isaac agus a dubhairt re Hesau, Féuch, do rinne me eision na thighearna ort, agus tug mé a dhearbhraithre uile na serbhíseachuibh dhó; agus lé harbhar, agus le fíon do chonnuimh mé súas é: agus créad do dhéun riotsa a nois, a mhic? 38Agus a dubhairt Esau re na athair, An bhfuil agad achd éinbheannachd amhain, a athair? beannuigh misi, eadhon misi mar an ccéadna, ó a athair. Agus do thóg Esau a ghuth súas agus do ghuil sé. 39Agus do fhreagair Isaac a athair agus a dubhairt ris, Féuch, budh é háitreabh sult na talmhan, agus ó drúch fhlaitheamhnus a nsúas; 40Agus led chloidheamh bhiais tú ad bheathaidh, agus biáidh tú ag seirbhis dot dhearbhrathair; agus tiucfuidh a ccrích a nuair do geabha tú úachdaranachd, go mbrisfidh tú a chuingsion dot mhuinéul. 41Agus do fhuathuigh Esau Iacob ar son na beannachda lear bheannuigh a athair é: agus a dubhairt Esau na chroidhe, Atáid láethe cumha ar son máthar a bhfogus; ann sin mhuirfeas misi mo dhearbhrathair Iacob. 42Agus do hinniseadh do Rebecah na briathrasa Esau a mic budh sine: agus do chuir sí fios agus do ghoir sí Jácob a mac dob óige, agus a dubhairt ris, Féuch, do dhearbhrathair Esau, ar do shonsa, do bheir sé solás dó féin, ré cur roimhe thusa mharbhadh. 43Anois ar a nadhbharsin, a mhic, umhluigh dom ghlórsa; agus éirigh go Lában mo dhearbhrathair go Háran; 44Agus fan na fhochair beagán do láethibh, no go ttráothuigh fearg do dhearbhrathar; 45No go bhfillidh fearg do dhérbrathar úaid, agus go ndearmaduigh se an ní do rinne tú ris: ann sin cuirfidh misi fios, agus do bhéura mé as sin thú. Cread fá ccaillfinnsi sibh aráon a neunló? 46Agus a dubhairt Rebecah ré Hisaac, atáim currtha dom sháoghal do chionn ingheana Hét: má phósan Jacob bean as ingheanuibh Hét, mar íad so, atá as ingheanuibh na tíre, créad an mhaith dhéunas mo bheatha dhamhsa?
Currently Selected:
Genesis 27: Bedell
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)