YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 28

28
Caibidil XXVIII.
Cuairt Iácob a Mesopotamia. 12 Thaisbein Día dreímre neamhdha dhó. 13 Agus dhearbh dhó a gheallamhna.
1Agus do ghoir Isaac, Iácob, agus do bheannuigh é, agus do aithin de, agus a dubhairt ris; ní thiubhra tú bean dingheanuibh Chánaain. 2Eirigh, imthigh súas go Pádan Aram, go tigh Bhétuel athair do mhathar, agus gabh chugad bean as sin dingheanuibh Lábain dearbhrathair do mhathar, 3Agus go mbeannuighe Día uile chumhachdach thú, agus go ndearna siólmhur thú, agus go bhfoirlíonuigh thú, go mhic tú ad iomad dáoine. 4Agus go ttuga sé dhuit beannachd Abraham, duit féin, agus dot shiól maille riot; go ngabha tú oighreachd na dúthaigh ann a bhfuil tú ad choimhightheadh noch tug Día do Abraham. 5Agus de chuir Isaac, Iacob ar siubhal, agus dimigh sé go Pádan-Aram, go Lában mhac Bétuel an Sírianach, dearbhrathair Rebecah, mathair Iácob, agus Esau. 6A núair do chonnairc Esau gur bheannuigh Isaac, Iacob, agus gur chuir ar siubhal é go Pádan-Aram, do thabhairt mná as sin; agus amhuil do bheannuigh é, go ttug aithne dhó, ag rádh, Ní thiubhra tú bean dingheanuibh Chánaain; 7Agus gur umhluigh Iacob do athair, agus dá mhathair, agus go ndeachuidh go Pádan-Aram, 8Agus mar do chonnairc Esau nár thaitin ingheana Chánaain ré na athair Isaac; 9Ann sin do chuaidh Esau chum Ismael, agus tug a ccionn na mban do bhí aige, Mahálah inghean Ismáel, mhic Abraham, derbhshíur Nebaiot, dá beith na mnaói aige. 10Agus do chuáidh Iacob a mach as Beerséba, agus do ghluáis go Háran. 11Agus do thuirling ar ionad áirighe, agus do fhan ann feadh na hoidhche, mar do chuáidh an ghrían faói: agus do ghlac cuid do chlochuibh na háite, agus do chuir íad mar a cheannadhairt, agus do luigh síos sa náitsin do chodladh. 12Agus do chonnairc aisling, agus féuch dréimre ar na chur súas ar an talamh, agus ráinic a bhárr go flaitheamhnus: agus féuch, aingil Dé ag dul suas agus ag teachd a nshúas ann. 13Agus féuch, do sheas an TIGHEARNA ós a chionn, agus a dubhairt, As misi an TIGHEARNA Día Abraham hathair, agus Día Isaac: an fearann ar a bhfuil tú ad luighe, do bhéura mé dhuitsi é, agus dot shliochd. 14Agus biáidh do shíol mar ghaineamh na talmhan; agus leithneachuidh tú amach síar agus soir, budh thuaidh agus budh dheas; agus budh ionnad sa, agus ann do shíol bhéid muinntir na talmhan uile beannuighe. 15Agus féuch, ataimsí maille riot, agus cuimhdeóchuidh mé thú ann gach uile bhall a ngéubha tú, agus do bhéura mé a rís don tírsi thú: oir ní fhágfaidh mé thú, nó go ndéarna mé an ní do labhair mé riot. 16Agus do mhúsguil Iácob as achodladh, agus a dubhairt, Go deimhin atá an TIGHEARNA sa náitsi; agus ní raibh a fhios agamsa. 17Agus do bhí eagla air, agus a dubhairt, Cread é úamhnuighe na háitesi! ní háit ar bith so ach tigh Dé, agus a se so geata fhlaitheamhnuis. 18Agus do éirigh Iácob go moch ar maidin, agus do thóg an chloch do chuirsé mar adhairt, agus do chuair súas í mar philéir, agus do dhóirt ola ar a mullach. 19Agus do ghoir Létel dainm do náitsin; ach Lus bá hainm don chathair sin ar ttus. 20Agus tug Iácob móid, ag rádh, Má bhíonn Día liom, agus go ccuimhdeacha mé san turus a bhfuilim ag dul, agus go ttiubhra dhamh arán ré a ithe, agus eádach re chur umum, 21Ionnus go ttiucfaidh mé a rís go tigh máthar a síothcháin; annsin biaidh an TIGHEARNA na Dhia agam: 22Agus an chlochsa, do chuir mé mar philéir, biaidh na thigh Dé: agus do nuile ní dá ttiubhra tú dhamh do bhéura misi go dearbhtha a dheachmhadh dhuitsi.

Currently Selected:

Genesis 28: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in