YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 18

18
Caibidil XVIII.
Abraham ag faghail rabhadh ar sgrios Shodom. 33 Rinn eidirghuidhe arson na naitreabhthach.
1Agus do fhoilísigh an TIGHEARNA e féin dó a réiteach Mhamre: agus do shuigh sé a ndorus na puible a tteas an láoi. 2Agus do thóg a shúile suas, agus damharc sé, agus féuch, tríurfear na seasamh laimh ris, agus a nuáir do chonnairc sé íad do rith na gcoinne ó dhorus na puible, agus do chláon é féin go talamh. 3Agus a dubhairt, A tighearna, má fuáir mé a nois fabhar an do radharc, guidhim thú ná himthigh ód sheirbhíseach: 4Guidhim sibh, tugthar beagán uisge, agus ionnluigh bhur ccossa, agus déunuidh comhnuidh fáoi an chránn: 5Agus do bhéura misi greim aráin, agus solásuighidh bhur ccroidhthe; tar éis sin imtheachuigh sibh romhuimh: óir is uime sin tangabhair chum bhur searbfhoghantuigh; agus a dubhradarsan, Déuna mar a dubhairt tú. 6Agus do dheifrigh Abraham don phubuil mar a raibh Sárah, agus a dubhairt, Deifrigh tráth tír meadha do mhin phlúir, súaith é, agus déuna bairgheana ar an tteallach dhe. 7Agus do rith Abraham gus a nairighe, agus tug leis láogh brisc maith, agus tug dóganach é; agus do dheifrigh sé dá dheasughadh. 8Agus do ghlac sé im, agus bainne, agus an láogh, noch do dheasuigh sé, agus do chuir na bhfiadhnuisi é; agus do sheasuidh láimh ríu fáoi an chrann, agus a dúadarsan. 9Agus a dubhradar ris, Cáit a bfuil Sárah do bhean? agus do ráidh seision: féuch, san phubuil. 10Agus do ráidh seision, Go deimhin fillfidh mé chugad do réir aimsire na beatha; agus, féuch, Sárah do bhean biáidh mac aice. Agus do chúaluidh Sárah sin a ndorus an phubail, do bhí air a chul. 11A nois do bhí Abraham agus Sárah áosta, agus do chuireadar morán dá naimsir thárrsa; agus do scuir do bheith ag Sarah do réir chúrsa na mban. 12Uime sin do rinne Sárah gáire innte féin, dá rádh, Tar éis mo bheith aosda foirfe, an bhfuighe mé solás, ar mbeith foirfe do mo tighearna mar an gcéudna? 13Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Habraham, Créud fa ndeárna Sárah gáire, ag rádh; an dearbhtha go mbéura misi leanamh, noch atáim foirfe? 14An bhfuil éinní rochruáidh ag an TTIGHEARNA? Ann sanuáir chinnte fillfidh mé chugad do réir aimsire na beatha, agus biáidh mac ag Sarah. 15Ann sin do shéun Sárah, dhá rádh, Ní dhearna misi gáire; óir do bhí eagla úirre. Agus a dubhairt seision, Ní headh; ach do rinne tú gáire. 16Agus dhéirgheadar na fir súas as sin, agus dféuchadar leath ré Sodom: agus do chuáidh Abraham leó dá mbreith ar a tslighe. 17Agus do ráidh an TIGHEARNA, An gceilfidh mé ar Abraham an ni si atáim do dhéunamh; 18O chítear go ttiucfa Abraham go dearbhtha chum bheith na chineadh mhór cumhachdach, agus go mbéid cinidheacha an domhuin uile beannuighe ann san? 19Oír is aithnidh dhamhsa é, go ttiubhra aithne dhá chloinn, agus dá theaghlach na dhiaigh, agus coimhédfuid slighe an TIGHEARNA do dhéunamh ceirt agus breitheamhnuis; ionnus go ttiubhra an TIGHEARNA air Abraham an ní sin do labhair dá thaobh. 20Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Do chionn gur mór comhairc Shodom agus Ghomorrah, agus do chionn go bfuilid a bpeacuidh ro throm; 21Rachuidh mé sios a nois, agus féuch fa mé a ndearnadur thríd amach do réir a gcomarc tháinic go nuige mé, agus muna ndearn biáidh a fios agum. 22Agus do filleadur na dáoine a naighthe as sin, agus do chúadar leath re Sodom: ach do sheas Abraham go fóill a lathair an TIGHEARNA. 23Agus do thriall Abraham a bhfogus, agus a dubhairt, An sgriosfuidh tú fós an firéun maráon ris an ciontach? 24Do bféidir go bhfuil cáogad firéun a stigh ann sa chathruigh: an scriosfa tú mar sin, agus nach coigeola tú a náit arson an cháogaid firéun atá innte? 25Go madh fada sin uaitsi a dhéunamh marso, an fíréun do mharbhadh maille ris an cciontach: agus go mbiaidh an firéun mar an cciontach, go madh fada sin uaitsi: nach déuna Breitheamh na talmhan uile ceart? 26Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Ma gheibhim a Sodom caogad firéun a stigh san chathruigh, ann sin coigeoluidh mé a naít uile ar a son. 27Agus a dubhairt Abraham ar bhfreagra dhó, Féuch anois, do ghabh misi orm labhairt ris an TIGHEARNA nach bhfuil ionnam ach cré agus luáithreadh. 28Do bféider go tteisteabhuidh cúigear don cháogad firéun: an sgriosfa tú an chathair uile ar son easbhuidh cúigir? Agus a dubhairt seision, Má gheibhim cúigear agus dá fhichid ann, ní sgriosfa mé í. 29Agus do labhair sé ris fós arís, agus a dubhairt, Do bféidir go bhfuighthigh dhá fhichid ann. Agus a dubhairt sesion, Ní dhéuna mé é ar son dá fhichthiod. 30Agus a dubhairt sé ris, Oh ná bíodh an TIGHEARNA feargach, agus laibhéora misi: Do bféidir go bhfuighthí triochad ann. Agus a dubhairt seision, Ní dhéana mé é má gheibhim triochad ann. 31Agus a dubhairt sesion, Feuch anois, do ghabh me orm labhairt ris an TIGHEARNA: Do bfeidir go bhfuighthi fithche ann. Agus a dubhairt sesion, Ní sgriosfa me i air son fhithchid. 32Agus a dubhairt sesion, Oh ná bíodh fearg ar an TTIGHEARNA agus ní laibheóra mé ach so amháin: Do bféidir go bfhuighthi deithneamhar ann. Agus a dubhairt seision, Ní sgriosfa me í ar son an deichneamhair. 33Agus do imthigh an TIGHEARNA roimhe mar do scuir sé dha chomhrádh ré Habraham; agus do fill Abraham da áit féin.

Currently Selected:

Genesis 18: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in