Síorach 51
51
Aguisíní
Iomann Buíochais
1Gabhfaidh mé buíochas leat, a Thiarna agus a Rí,
agus molfaidh mé thú a Dhia, mo shlánaitheoir;
gabhaim buíochas le d'ainm;
2Óir is tusa a thug cosaint agus cabhair dom;
tharrthaigh tú mé ó mo bhascadh,
ó ghaiste theanga an bhéadáin
ó bheola lucht an éithigh;
agus tháinig tú i gcabhair orm,
in aghaidh na ndaoine a bhí i mo thimpeall.
3De réir do mhórthrócaire agus do mhórainm,
d'fhuascail tú mé ó fhiacla na ndaoine a bhí ar tí mé a alpadh,
ó lámha na droinge a bhí ar thóir m'anma,
ó na trioblóidí iomadúla a bhí mé a fhulaingt;
4Ón tine phlúchtach a bhí thart timpeall orm,
ó cheartlár lasracha nár adhain mé féin,
5Ó chraos domhain Sheól,
ó theanga neamhghlan agus ó bhriathra éithigh,
6Béadán a rinne teanga éagórach i m'aghaidh leis an rí;
bhí mé i ndeireadh na feide,
agus ag druidim liom síos go Seól,
7Agus bhíothas ag teacht thart timpeall orm ar gach taobh,
gan aon duine ann chun fóirithint orm;
d'fhéach mé le cabhair a fháil ó dhaoine, ach ní bhfuair.
8Ansin chuimhnigh mé ar do thrócaire, a Thiarna,
agus ar na héachtaí a rinne tú riamh anall,
ar an gcaoi a bhfuasclaíonn tú na daoine
a bhíonn ag fanacht leat go foighneach,
agus mar a tharrthaíonn tú iad ó chrúcaí a naimhde.
9Chuir mé suas mo ghuí ón talamh
agus ghuigh mé go bhfuasclófaí mé ón mbás.
10Glaoigh mé chun an Tiarna, Athair mo thiarna:
“Ná tréig mé i laethanta mo thrioblóide,
in uain mo lagaíochta agus mé gan chabhair in aghaidh na n‑uaibhreach;
molfaidh mé d'ainm gan stad,
agus canfaidh mé laoithe molta dó.”
11Éisteadh le mo ghuí
agus d'fhuascail tú mé ón scrios,
agus shaor tú mé ar uain na míchinniúna.
12Ar an ábhar sin tabharfaidh mé buíochas agus moladh duit,
agus mórfaidh mé ainm an Tiarna.
Laoi ar Thóraíocht na hEagna
13Nuair a bhí mé óg fós, sula ndeachaigh mé ag taisteal,
d'i arr mé d'achainí i mo phaidreacha go dtabharfaí an eagna dhom.
14Bhíodh sí á héileamh agam os comhair an Teampaill,
agus beidh mé á lorg go dtí an deireadh.
15Óna blathú go dtí aibiú na fíniúna
bhain mo chroí aoibhneas aisti;
chuir mé mo chos ar an mbóthar díreach,
agus tá a lorg á leanúint agam ó m'óige amach.
16Chlaon mé mo chluas beagáinín agus ghlac mé léi,
agus is mór ar fad an teagasc a fuair mé dom féin.
17Tá dul chun cinn déanta agam léi;
moladh leis an té thug an eagna dom.
18Tá sé ar intinn agam mo shaol a chaitheamh dá réir;
chuardaigh mé an mhaith go dúthrachtach,
agus ní náireofar mé.
19Tá comhrac déanta agam le hí a shealbhú;
chomhlíon mé [an dlí] go cruinn beacht;
shín mé mo lámha i dtreo na bhflaitheas,
agus chaoin mé m'easpa eolais uirthi.
20Leag mé m'intinn uirthi,
agus fuair mé í le glaine chroí;
fuair mé [tuiscint] ina teannta ó thús,
agus dá bhrí sin ní thréigfear mé choíche.
21Corraíodh an croí ionam le dul ar a tóir,
agus dá bharr san fuair mé dea-fháltas.
22Thug an Tiarna teanga dom mar luach saothair,
agus molfaidh mé é lena cabhair.
23Tagaigí i mo chóngar sibhse atá gan teagasc,
agus cuirigí fúibh i mo scoilse.
24Cad ab áil libh ag gearán
go bhfuil na nithe seo go mór de dhíth oraibh,
agus go bhfuil tart chomh mór ar bhur n‑anam?
25D'oscail mé mo bhéal agus dúirt mé:
“Faighigí [na nithe sin] daoibh féin gan airgead;
26Cuirigí bhur muineál faoin gcuing,
agus glacadh bhur n‑anam le teagasc;
tá sé le fáil taobh libh.
27Féachaigí féin gur beag an saothar a rinne mé,
ach gur mór an suaimhneas a fuair mé!
28Faighigí teagasc daoibh féin le lab mór airgid,
agus déanfaidh sibh a lán óir a ghnóthú tríd.
29Déanadh bhur n‑anam gairdeas i dtrócaire [an Tiarna],
agus ná bíodh náire oraibh choíche toisc é a mholadh.
30Déanaigí bhur ngnó roimh am na sprice,
agus tabharfaidh sé bhur luach saothair daoibh ina uain féin.”
Eagna Íosa, mac Shíorach.
Currently Selected:
Síorach 51: ABN
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.