Síorach 50
50
An tArd-Sagart
1Ba é Simeon an t‑ardsagart, mac Óinias,
[ceannasaí a bhráithre, agus bród a mhuintire;]
dheisigh sé an Teampall lena linn
agus dhaingnigh sé an sanctóir.
2Leag sé an bonn faoi na ballaí arda dúbailte,
agus an balla taca le clos an Teampaill.
3Lena linn tochladh sistéal d'uisce,
taiscumar a raibh a thimpeall mór mar an fharraige.
4Le hintinn a mhuintir a fhuascailt ó dhíothú,
dhaingnigh sé an chathair le léigear a sheasamh.
5Nár thaibhseach a bhíodh sé agus an pobal ina thimpeall,
agus é ag teacht amach ó shanctóir an bhrait.
6Mar réalta na maidine i measc na scamall,
mar an ghealach agus an ré lán;
7Mar an ghrian ag taitneamh ar Theampall an té is Airde,
mar an bogha síne ag glioscarnach i néalta glóire.
8Mar rósanna i laethanta na gcéadtorthaí,
mar lilí le hais thobar uisce,
mar phéac glas na Liobáine in aimsir bhrothaill;
9Mar thine agus túis sa túisteán,
mar áras d'ór ceard
faoi ornáid de chlocha lómhara de gach sórt;
10Mar chrann ológ ag sceitheadh a thoraidh,
mar chufróg ag éirí chun na néalta.
11Nuair a chuireadh sé air féin a éide ghlóire
agus a ghléasadh sé é féin le barr maise,
agus a ghabhadh suas ar an altóir bheannaithe,
agus a líonadh sé cúirt an tsanctóra lena ghlóir,
12Agus a gheibheadh sé na míreanna ó lámha na sagart,
agus é ina sheasamh ag teallach na haltóra,
agus coróin dá bhráithre ina thimpeall,
ba gheall é le céadar óg sa Liobáin,
agus iad ina thimpeall mar a bheadh stocanna pailme.
13Nuair a sheasadh clann uile Árón ina nglóir
agus ofrálacha an Tiarna ina lámha,
os comhair chomhthionól Iosrael go léir,
14Agus eisean ag cur críoch leis an tseirbhís ag na haltóirí,
agus ag cóiriú na híobartha don Té is Airde, an tUilechumhachtach,
15Agus ag síneadh a láimhe chun an chupa,
agus ag doirteadh ofrála de shú na fíniúna,
á doirteadh ag bonna na haltóra,
mar íobairt chumhra don Té is Airde, do Rí na nUile.
16Ansin dhéanadh clann Árón liú,
agus shéididís na trumpaí de mhiotal líofa;
dhéanaidís tormán tréan
mar chuimhniú i láthair an té is Airde.
17Ansin thiteadh an pobal go léir gan mhoill,
ar a mbéal is ar a bhfiacla ar an talamh
ag adhradh a dTiarna,
an tUilechumhachtach, Dia Ró-Ard.
18Mholadh na cantairí é in ard a gcinn,
agus ba bhinn é claisceadal a nguthanna,
19Bhíodh an pobal ag guí chun an Tiarna Ró-Aird,
agus iad ag impí i láthair an Trócairigh,
nó go mbíodh an clabhsúr ar sheirbhís an Tiarna,
agus an liotúirge thart acu.
20Ansin thagadh sé anuas agus d'ardaíodh a lámha
os cionn comhthionól uile chlann Iosrael,
le beannacht an Tiarna a ghuí orthu óna bheola,
agus mórtas a dhéanamh as a ainm.
21Shléachtadh an pobal arís,
leis an mbeannacht a ghlacadh ón Te is Airde.
Dúnadh agus Guí
22Beannaigí Dia na nUile anois,
an té a dhéanann éachtaí i ngach treo,
agus a mhórann ár ré ón mbroinn,
agus a phléann linn de réir a thrócaire.
23Go dtuga sé dúinn lúcháir chroí,
agus síocháin lenár linn
in Iosrael mar a bhí anallód.
24Go gcuire sé an trócaire inár n‑iontaoibh,
agus go bhfuasclaí sé sinn lenár linn.
25Tá fuath i mo chroí do dhá náisiún,
agus ní náisiún an tríú ceann ar aon chor:
26Áitritheoirí [Shliabh Shaeír] agus na Filistínigh,
agus an mhuintir bhaoth atá ag cur fúthu i Seicim.
27Scríobh mé teagasc ar an eagna agus ar an eolas sa leabhar seo,
mise, Íosa mac Shíorach, mac Eileázár ó Iarúsailéim,
a dhoirt an eagna go flaithiúil óna chroí.
28Is beannaithe an té a bhíonn gafa leis na nithe seo,
agus a éiríonn eagnaí trína mhachnamh orthu.
29Má chleachtann sé iad, beidh sé láidir a dhóthain d'aon ghnó,
mar gurb é solas an Tiarna a chosán.
Currently Selected:
Síorach 50: ABN
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.