YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 32

32
1An ndearnadar ceannaire díot? Ná tagadh éirí in airde ort;
Iompair thú féin ina measc mar dhuine díobh féin;
tabhair aire dóibh, agus ansin bí i do shuí.
2Nuair a bheidh do chúraimí déanta agat, suigh
agus bí meidhreach dá mbarr,
agus faigh coróin ar son do chumas ceannais.
3Labhair, a sheanóir, óir oireann sin duit;
ach déan amhlaidh le cruinneas cainte
gan cur isteach ar an gceol.
4Má bhíonn siamsa ann, ná bí ag caint gan stad,
agus ná bí ag saíocht in antráth.
5Séala carmhogail ar leaba óir,
is ea coirm cheoil ag fleá fíona.
6Séala smaragaide ar leaba luachmhar óir
is ea streancán ceoil le fíon fónta.
7Labhair a ógánaigh, más gá duit,
ach gan thar dhá uair, agus má chuirtear ceist chugat.
8Labhair go cruinn agus abair mórán i mbeagán focal;
bíodh gothaí an eolais ort, ach gan fonn cainte ort.
9I measc na gceannasach, ná hiompair thú féin mar dhuine díobh;
agus ná bí ag giofaireacht agus duine eile ag caint.
10Gabhann an splanc roimh an toirneach
agus gabhann gnaoi roimh fhear modhúil.
11Éirigh chun imeacht in am, agus ná bí ar deireadh;
brostaigh abhaile agus ná bí ag déanamh moille.
12Bain spraoi as ansiúd agus déan mar is mian leat féin,
ach ná peacaigh le barr díomas teanga.
13Beannaigh ar a shon sin uile an té a rinne thú,
agus a shásaíonn thú lena nithe fónta.
Eagla Dé
14An té arb eagal leis an Tiarna, glacfaidh sé lena smacht;
beidh a ghnaoi ar an muintir a bhíonn á thóraíocht le díograis.
15An té a bhíonn ag tóraíocht an dlí, sásóidh sé é;
ach beidh sé ina cheap tuisle ag an bhfimíneach.
16An mhuintir ar a bhfuil eagla an Tiarna, beidh siad saorbhreathach,
agus déanfaidh siad dea-ghníomhartha a spreagadh mar a dhéanfadh lóchrann.
17Seachnaíonn an peacach an chasaoid,
agus bíonn leithscéal aige chun déanamh mar is áil leis.
18Ní dhéanfaidh an fear stuama neamhaird d'aon tuairim;
agus ní bheidh an duine díomasach [aindiagaithe] ag cúbadh chuige le heagla.
19Ná tabhair léim caorach i nduibheagán,
agus ná bíodh mairg tar éis birt ort.
20Ná tabhair conair phriaclach ort féin,
le heagla go mbainfeadh clocha tuisle asat.
21Ná bíodh an iomad muiníne agat ar chonair réidh.
22Bí ag faire amach do do chlann féin.
23Seachain thú féin i ngach beart,
mar is é sin is comhlíonadh na n‑aitheanta ann.
24An té a chuireann a mhuinín sa dlí, tugann sé aird ar na haitheanta;
an té a bfuil iontaoibh aige as an Tiarna, ní bheidh thiar air.

Currently Selected:

Síorach 32: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in