YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 28

28
1An té a imríonn díoltas, imreoidh an Tiarna díoltas air,
mar coinníonn sé cuntas cruinn ar a pheacaí.
2Maith do do chomharsa an éagóir a dhéanann sé,
agus nuair a dhéanfaidh tú guí, maithfear do pheacaí duit.
3Má choimeádann duine olc istigh do dhuine eile,
conas is féidir leis leigheas a lorg ar an Tiarna?
4Mura ndéanann sé trócaire ar dhuine cosúil leis féin,
conas is féidir leis maithiúnas a iarraidh ina pheacaí féin?
5Níl ann féin ach feoil agus cothaíonn sé fuath;
cé a mhaithfidh a pheacaí dó?
6Cuimhnigh ar do chríoch dheireanach, agus scoir den fhuath;
cuimhnigh ar an scrios agus an bás, agus mair de réir na n‑aitheanta.
7Cuimhnigh ar na haitheanta agus ná bíodh olc agat do do chomharsa;
cuimhnigh ar chonradh an Té is Airde, agus ná tóg ceann den aineolas.
8Seachain an t‑achrann agus is lú peaca a dhéanfaidh tú:
óir adhnann fear drochmhianaigh achrann.
9Cothaíonn an fear peacúil aighneas idir cairde,
agus síolann eascairdeas idir lucht síochána.
10De réir meid an chonnaidh is ea a bheidh an béileach,
agus de réir chruas an chomhraic a bheidh an bhladhm;
de réir neart an fhir a bheidh a chuthach,
agus méadóidh ar a fhearg, de réir a mhaoine.
11Adhnann aighneas tobann tine,
agus doirteann achrann mire fuil.
12Séid an sméaróid, agus lasfaidh sí;
caith seile uirthi agus múchfaidh sí;
as do bhéal amach a thagann siad araon.
An Teanga
13Léan ar an gcúlchainteoir agus ar an gcladhaire;
mar is iomaí duine de lucht na síochána a scrios sé.
14Rinne an [tromaíocht] a lán a shuaitheadh,
agus a scaipeadh ó náisiún go náisiún;
scrios sí cathracha daingne,
agus leag ar lár teaghlaigh na dtréan.
15Thiomáin an [tromaíocht] mná cróga ar shiúl
agus d fhág iad gan luach a saothair.
16Ní bheidh suaimhneas ag an té a thabharfaidh cluas di;
ná ní chuirfidh sé faoi go síochánta.
17Fágann buille den lasc riasta,
ach briseann léasadh teanga na cnámha.
18Is iomaí duine a thit le faobhar claímh,
ach is mó ná sin a thit le faobhar teanga.
19Is méanar don té a díonadh uirthi,
nár tháinig faoina cuthach,
nár iompair a cuing,
agus nár cuibhríodh faoina geimhle.
20Óir is cuing iarainn a cuing
agus is geimhle cré-umha a geimhle;
21Anbhás an bás a imríonn sí,
agus is fearr Seól ná í.
22Ní bhfaighidh sí smacht ar na fíréin,
ná ní dhófar iad ina tine.
23An mhuintir a thréigfidh an Tiarna, titfidh siad inti;
bladhmfaidh sí ina measc agus ní mhúchfar í;
scaoilfear fúthu í mar a dhéanfaí leon,
agus bascfaidh sí iad mar a dhéanfadh liopard.
24Cuir fál droighin timpeall d fháltais,
agus cuir do chuid airgid agus óir faoi ghlas i dtaisce.
25Déan scálaí agus méa do do bhriathra,
agus doras agus bolta do do bhéal.
26Seachain agus ná déan peaca le [do theanga],
le heagla go dtitfeá mar chreach leis an té atá i luíochán.

Currently Selected:

Síorach 28: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in