YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 16

16
Mí-Ádh an Éagráifigh
1Ná bí ag tnúth le slua leanbh gan mhaith,
agus ná cuireadh clann mhac éagráifeach lúcháir ort.
2Má théann siad i líonmhaire, ná cuiridís lúcháir ort,
mura bhfuil eagla an Tiarna orthu.
3Ná cuir do mhuinín as fad saoil dóibh,
agus ná bí ag brath ar a líon,
óir is fearr duine aonair ná míle,
agus is fearr bás gan leanbh ná a bheith beo le clann éagráifeach.
4Óir líonfaí cathair le síol aon duine amháin eagnaí,
ach d'fhágfadh treibh choirpeach ina fásach í.
5Is iomaí ní den sórt sin a chonaic mé le mo shúile cinn,
agus is éachtaí fós ná iad a bhfuil cloiste ag mo chluais.
6I gcomhthionól peacach lasfar tine,
agus i gcine easumhal adhnadh fraoch feirge.
7Níor mhaith sé do na fathaigh anallód,
nuair a rinne siad ceannairc le teann nirt.
8Ní dhearna sé anacal ar chomharsana Lót,
mar bhí an ghráin aige orthu de bharr a n‑uabhair.
9Ní raibh trua aige don chine a raibh scrios i ndán dóibh,
agus a milleadh trína gcionta féin;
10Ná don sé chéad míle troitheach,
a dhlúthaigh le chéile le barr croídháine.
11Mura mbeadh ann ach aon duine amháin ceanndána,
ba ionadh dá rithfeadh leis gan phionós;
mar tá trócaire agus fearg le chéile i seilbh [an Tiarna],
agus is tréan é le maitheamh agus le fearg a dhoirteadh amach.
12Is mór í a thrócaire ach is mór í a dhéine chomh maith,
tugann sé breith ar gach duine de réir a oibreacha.
13Ní éalóidh an coirpeach lena chreach,
ná ní rachaidh foighne an fhíréin amú;
14Beidh a áit féin ag gach beart trócaireach;
déanfar cúiteamh le gach duine de réir a oibreacha.
15(Chruaigh an Tiarna croí Fhorainn i dtreo nár aithin sé é,
i dtreo go mba eol a oibreacha faoi stua na spéire.
16Nochtann a thrócaire í féin don chruthaíocht uile;
roinn sé a sholas agus a dhorchadas ar dhaoine.)
Díoltas
17Ná habair: “Rachaidh mé i bhfolach ón Tiarna;
cé a chuimhneoidh orm ansiúd thuas?
Ní thabharfar faoi deara mé i slua chomh mór leis seo;
céard é mise sa chruthaíocht gan teorainn?”
18Féach, crithfidh an spéir agus spéir na spéartha,
an duibheagán agus an talamh nuair a dhéanfaidh sé fiosrú.
19Tagann creathán agus suaitheadh ar na sléibhte freisin agus ar uaithní na cruinne,
nuair a fhéachann sé orthu.
20Níl aon duine le machnamh ar na nithe seo ina chroí,
agus cé tá le scrúdú a dhéanamh ar a bhealaí?
21Dála an ghála atá dofheicthe ann féin,
tá formhór a ndéanann sé i bhfolach.
22“Cé a fhógróidh bearta na córa?
cé a fhanfaidh leo? mar is fada uainn an conradh.”
23Sin mar a mheasann an té atá ar bheagán tuisceana,
an fear gan chiall gan stiúir ar baoth iad a smaointe.
An Chruthaíocht
24Éist liom anois, a mhic, agus faigh greim ar an eolas;
tabhair aird go cruinn ar mo bhriathra.
25Déanfaidh mé teagasc a dháileadh go tomhaiste,
agus eolas a fhógairt go beacht.
26Nuair [a chruthaigh] Dia a oibreacha i dtús báire
roinn sé orthu a bpáirteanna a luaithe a chum sé iad.
27D'eagraigh sé a oibreacha le haghaidh na síoraíochta,
óna dtúsú go dtí na glúine i bhfad anonn;
ní thagann ocras ná tuirse orthu,
ná ní scoireann siad dá saothar.
28Ní bhíonn siad ag brú a chéile i leataobh,
ná ní bheidh siad go brách easumhal dá bhriathar.
29Ansin d'fhéach an Tiarna ar an talamh,
agus líon é lena nithe fónta.
30Chlúdaigh sé aghaidh na talún le gach sórt ainmhí,
agus is uirthi a bhíonn a dtriall ar ais.

Currently Selected:

Síorach 16: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in